+1.1. Beartas maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise
---+1.1.1. Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (a) de Threoir (AE) 2022/2555, beidh an méid seo a …
---+1.1.2. Déanfaidh comhlachtaí bainistíochta athbhreithniú ar bheartas slándála an chórais gréasán …

1.1. Beartas maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise

1.1.   Beartas maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
1.1.1. Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (a) de Threoir (AE) 2022/2555, beidh an méid seo a …

1.1.1.

Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (a) de Threoir (AE) 2022/2555, beidh an méid seo a leanas i gceist leis an mbeartas maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise:

(a)

leagfar amach ann cur chuige na n-eintiteas ábhartha maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise a bhainistiú;

(b)

beidh sé iomchuí agus comhlántach le straitéis agus cuspóirí gnó na n-eintiteas ábhartha;

(c)

leagfar amach ann cuspóirí slándála gréasán agus faisnéise;

(d)

cuimseofar gealltanas ann go gcuirfear feabhas leanúnach ar shlándáil córas gréasán agus faisnéise;

(e)

cuimseofar gealltanas ann go gcuirfear na hacmhainní iomchuí is gá ar fáil chun é a chur chun feidhme, lena n-áirítear an fhoireann, na hacmhainní airgeadais, na próisis, na huirlisí agus na teicneolaíochtaí is gá;

(f)

déanfar é a chur in iúl d’fhostaithe ábhartha agus do pháirtithe seachtracha leasmhara ábhartha agus aithneoidh siad é.

(g)

leagfar síos ann róil agus freagrachtaí de bhun phointe 1.2.;

(h)

liostófar ann an doiciméadacht atá le coinneáil agus fad coinneála na doiciméadachta;

(i)

liostófar ann na beartais a bhaineann go sonrach le topaic ar leith;

(j)

leagfar síos ann táscairí agus bearta chun faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus ar an stádas atá ann faoi láthair i dtaca le leibhéal aibíochta shlándáil gréasán agus faisnéise na n-eintiteas ábhartha;

(k)

tabharfar le fios leis dáta an fhormheasa fhoirmiúil a dhéanann comhlachtaí bainistíochta na n-eintiteas ábhartha (na ‘comhlachtaí bainistíochta’).

1.1.2. Déanfaidh comhlachtaí bainistíochta athbhreithniú ar bheartas slándála an chórais gréasán …

1.1.2.

Déanfaidh comhlachtaí bainistíochta athbhreithniú ar bheartas slándála an chórais gréasán agus faisnéise agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad cothrom le dáta é ar bhonn bliantúil ar a laghad agus i gcás ina dtarlóidh teagmhais shuntasacha nó athruithe suntasacha ar oibríochtaí nó ar rioscaí. Déanfar toradh na n-athbhreithnithe a dhoiciméadú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha

  • Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2690
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.