+2.1.2. Chun críoch phointe 2.1.1., bunóidh na heintitis ábhartha nósanna imeachta chun rioscaí a …

2.1.2. Chun críoch phointe 2.1.1., bunóidh na heintitis ábhartha nósanna imeachta chun rioscaí a …

2.1.2.

Chun críoch phointe 2.1.1., bunóidh na heintitis ábhartha nósanna imeachta chun rioscaí a shainaithint, a anailísiú, a mheasúnú agus a láimhseáil (‘próiseas bainistíochta riosca cibearshlándála’). Beidh an próiseas bainistíochta riosca cibearshlándála ina chuid lárnach de phróiseas foriomlán bainistíochta riosca na n-eintiteas ábhartha, i gcás inarb infheidhme. Mar chuid den phróiseas bainistíochta riosca cibearshlándála, déanfaidh na heintitis ábhartha an méid seo a leanas:

(a)

cloí le modheolaíocht bainistíochta riosca;

(b)

an leibhéal lamháltais riosca a bhunú i gcomhréir le hinghlacthacht riosca na n-eintiteas ábhartha;

(c)

critéir riosca ábhartha a bhunú agus a choinneáil ar bun;

(d)

i gcomhréir le cur chuige uile-ghuaise, na rioscaí atá ann do shlándáil córas gréasán agus faisnéise a shainaithint agus a dhoiciméadú, go háirithe maidir le tríú páirtithe agus rioscaí a bhféadfadh suaitheadh in infhaighteacht, sláine, barántúlacht agus rúndacht na gcóras gréasán agus faisnéise a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear pointe aonair teipeanna a shainaithint;

(e)

anailís ar na rioscaí atá ann do shlándáil córas gréasán agus faisnéise, lena n-áirítear leibhéal bagartha, dóchúlachta, tionchair agus riosca, agus faisnéis faoi chibearbhagairtí agus leochaileachtaí á gcur san áireamh;

(f)

meastóireacht ar na rioscaí sainaitheanta bunaithe ar na critéir riosca;

(g)

roghanna agus bearta iomchuí láimhseála riosca a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta;

(h)

faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na mbeart láimhseála riosca;

(i)

an duine atá freagrach as na bearta láimhseála riosca a chur chun feidhme agus an uair ar cheart iad a chur chun feidhme a shainaithint;

(j)

na bearta láimhseála riosca a roghnaíodh a dhoiciméadú i bplean láimhseála riosca agus na cúiseanna lena dtugtar údar le glacadh rioscaí iarmharacha ar bhealach sothuigthe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha

  • Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2690
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.