+2.1. Creat bainistíochta riosca
---+2.1.1. Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (a) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis …
---+2.1.2. Chun críoch phointe 2.1.1., bunóidh na heintitis ábhartha nósanna imeachta chun rioscaí a …
---+2.1.3. Agus roghanna agus bearta iomchuí láimhseála riosca á sainaithint agus á gcur in ord …
---+2.1.4. Déanfaidh na heintitis ábhartha torthaí an mheasúnaithe riosca agus an plean láimhseála …
|
2.1. Creat bainistíochta riosca
2.1. Creat bainistíochta riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
2.1.1. Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (a) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis …
|
|
2.1.1.
|
Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (a) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis ábhartha creat bainistíochta riosca iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun na rioscaí do shlándáil córas gréasán agus faisnéise a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Déanfaidh na heintitis ábhartha measúnuithe riosca agus déanfaidh siad doiciméadú orthu agus, bunaithe ar na torthaí, déanfaidh siad plean láimhseála riosca a bhunú, a chur chun feidhme agus déanfaidh siad faireachán air. Glacfaidh comhlachtaí bainistíochta nó, i gcás inarb infheidhme, daoine atá cuntasach agus a bhfuil an t-údarás acu rioscaí a bhainistiú, le torthaí measúnaithe riosca agus rioscaí iarmharacha, ar choinníoll go n-áirithíonn na heintitis ábhartha tuairisciú leordhóthanach do na comhlachtaí bainistíochta.
|
|
|
2.1.2. Chun críoch phointe 2.1.1., bunóidh na heintitis ábhartha nósanna imeachta chun rioscaí a …
|
|
2.1.2.
|
Chun críoch phointe 2.1.1., bunóidh na heintitis ábhartha nósanna imeachta chun rioscaí a shainaithint, a anailísiú, a mheasúnú agus a láimhseáil (‘próiseas bainistíochta riosca cibearshlándála’). Beidh an próiseas bainistíochta riosca cibearshlándála ina chuid lárnach de phróiseas foriomlán bainistíochta riosca na n-eintiteas ábhartha, i gcás inarb infheidhme. Mar chuid den phróiseas bainistíochta riosca cibearshlándála, déanfaidh na heintitis ábhartha an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cloí le modheolaíocht bainistíochta riosca;
|
|
(b)
|
an leibhéal lamháltais riosca a bhunú i gcomhréir le hinghlacthacht riosca na n-eintiteas ábhartha;
|
|
(c)
|
critéir riosca ábhartha a bhunú agus a choinneáil ar bun;
|
|
(d)
|
i gcomhréir le cur chuige uile-ghuaise, na rioscaí atá ann do shlándáil córas gréasán agus faisnéise a shainaithint agus a dhoiciméadú, go háirithe maidir le tríú páirtithe agus rioscaí a bhféadfadh suaitheadh in infhaighteacht, sláine, barántúlacht agus rúndacht na gcóras gréasán agus faisnéise a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear pointe aonair teipeanna a shainaithint;
|
|
(e)
|
anailís ar na rioscaí atá ann do shlándáil córas gréasán agus faisnéise, lena n-áirítear leibhéal bagartha, dóchúlachta, tionchair agus riosca, agus faisnéis faoi chibearbhagairtí agus leochaileachtaí á gcur san áireamh;
|
|
(f)
|
meastóireacht ar na rioscaí sainaitheanta bunaithe ar na critéir riosca;
|
|
(g)
|
roghanna agus bearta iomchuí láimhseála riosca a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta;
|
|
(h)
|
faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na mbeart láimhseála riosca;
|
|
(i)
|
an duine atá freagrach as na bearta láimhseála riosca a chur chun feidhme agus an uair ar cheart iad a chur chun feidhme a shainaithint;
|
|
(j)
|
na bearta láimhseála riosca a roghnaíodh a dhoiciméadú i bplean láimhseála riosca agus na cúiseanna lena dtugtar údar le glacadh rioscaí iarmharacha ar bhealach sothuigthe.
|
|
|
|
2.1.3. Agus roghanna agus bearta iomchuí láimhseála riosca á sainaithint agus á gcur in ord …
|
|
2.1.3.
|
Agus roghanna agus bearta iomchuí láimhseála riosca á sainaithint agus á gcur in ord tosaíochta ag na heintitis ábhartha, cuirfidh siad torthaí an mheasúnaithe riosca, torthaí an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála, an costas cur chun feidhme i ndáil leis an tairbhe ionchasach, an t-aicmiú sócmhainní dá dtagraítear i bpointe 12.1., agus an anailís tionchair gnó dá dtagraítear i bpointe 4.1.3.
|
|
|
2.1.4. Déanfaidh na heintitis ábhartha torthaí an mheasúnaithe riosca agus an plean láimhseála …
|
|
2.1.4.
|
Déanfaidh na heintitis ábhartha torthaí an mheasúnaithe riosca agus an plean láimhseála riosca a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, a thabhairt cothrom le dáta ag eatraimh phleanáilte agus uair sa bhliain ar a laghad, agus tráth a tharlóidh athruithe suntasacha ar oibríochtaí nó ar rioscaí nó ar theagmhais shuntasacha.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
Saincheisteanna nasctha
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2690
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|