+5.1. Beartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair
---+5.1.1. Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (d) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis …
---+5.1.2. Mar chuid den bheartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair dá dtagraítear i bpointe …
---+5.1.3. Agus a mbeartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair á bhunú ag na heintitis ábhartha …
---+5.1.4. I bhfianaise an bheartais maidir le slándáil an tslabhra soláthair, agus torthaí an …
---+5.1.5. Cuirfidh na heintitis ábhartha na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 5.1.2 agus i bpointe …
---+5.1.6. Déanfaidh na heintitis ábhartha athbhreithniú ar an mbeartas maidir le slándáil an tslabhra …
---+5.1.7. Chun críoch phointe 5.1.6, déanfaidh na heintitis ábhartha an méid seo a leanas: (a) …

5.1. Beartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair

5.1.   Beartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
5.1.1. Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (d) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis …

5.1.1.

Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (d) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis ábhartha beartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm lena rialófar an caidreamh lena soláthróirí díreacha agus lena soláthraithe seirbhíse díreacha chun na rioscaí sainaitheanta do shlándáil córas gréasán agus faisnéise a mhaolú. Sa bheartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair, sainaithneoidh na heintitis ábhartha a ról sa slabhra soláthair agus cuirfidh siad in iúl dá soláthróirí díreacha agus dá soláthraithe seirbhíse díreacha é.
5.1.2. Mar chuid den bheartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair dá dtagraítear i bpointe …

5.1.2.

Mar chuid den bheartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair dá dtagraítear i bpointe 5.1.1, leagfaidh na heintitis ábhartha síos critéir chun soláthróirí agus soláthraithe seirbhíse a roghnú agus chun conradh a dhéanamh leo. Cuimseofar an méid seo a leanas sna critéir sin:

(a)

cleachtais chibearshlándála na soláthróirí agus na soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt;

(b)

cumas na soláthróirí agus na soláthraithe seirbhíse sonraíochtaí cibearshlándála arna leagan síos ag na heintitis ábhartha a chomhlíonadh;

(c)

cáilíocht agus athléimneacht fhoriomlán táirgí TFC agus seirbhísí TFC agus na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála atá leabaithe iontu, lena n-áirítear rioscaí agus leibhéal aicmiúcháin na dtáirgí TFC agus na seirbhísí TFC;

(d)

cumas na n-eintiteas ábhartha foinsí soláthair a éagsúlú agus gaibhniú díoltóirí a theorannú, i gcás inarb infheidhme.

5.1.3. Agus a mbeartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair á bhunú ag na heintitis ábhartha …

5.1.3.

Agus a mbeartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair á bhunú ag na heintitis ábhartha, cuirfidh siad san áireamh torthaí na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar shlabhraí soláthair criticiúla arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Threoir (AE) 2022/2555, i gcás inarb infheidhme.
5.1.4. I bhfianaise an bheartais maidir le slándáil an tslabhra soláthair, agus torthaí an …

5.1.4.

I bhfianaise an bheartais maidir le slándáil an tslabhra soláthair, agus torthaí an mheasúnaithe riosca a rinneadh i gcomhréir le pointe 2.1. den Iarscríbhinn seo á gcur san áireamh, áiritheoidh na heintitis ábhartha go sonrófar ina gconarthaí leis na soláthróirí agus na soláthraithe seirbhíse, i gcás inarb iomchuí trí chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse, an méid seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

ceanglais chibearshlándála le haghaidh na soláthróirí nó na soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear ceanglais a mhéid a bhaineann leis an tslándáil i dtaca le seirbhísí TFC nó táirgí TFC a fháil a leagtar amach i bpointe 6.1.;

(b)

ceanglais maidir le feasacht, scileanna agus oiliúint, agus i gcás inarb iomchuí, le deimhnithe a éilítear ó fhostaithe na soláthróirí nó na soláthraithe seirbhíse;

(c)

ceanglais maidir leis an bhfíorú ar chúlra fhostaithe na soláthróirí agus na soláthraithe seirbhíse;

(d)

oibleagáid ar sholáthróirí agus ar sholáthraithe seirbhíse fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, do na heintitis ábhartha faoi theagmhais lena mbaineann riosca do shlándáil córas gréasán agus faisnéise na n-eintiteas sin;

(e)

an ceart chun iniúchadh a dhéanamh nó an ceart chun tuarascálacha iniúchóireachta a fháil;

(f)

oibleagáid ar sholáthróirí agus ar sholáthraithe seirbhíse leochaileachtaí a láimhseáil lena mbaineann riosca do shlándáil córas gréasán agus faisnéise na n-eintiteas ábhartha;

(g)

ceanglais maidir le fochonraitheoireacht agus, i gcás ina gceadóidh na heintitis ábhartha fochonraitheoireacht, ceanglais chibearshlándála d’fhochonraitheoirí i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála dá dtagraítear i bpointe (a);

(h)

oibleagáidí ar na soláthróirí agus ar na soláthraithe seirbhíse nuair a fhoirceannfar an conradh, amhail aisghabháil agus diúscairt na faisnéise a gheobhaidh na soláthróirí agus na soláthraithe seirbhíse agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu.

5.1.5. Cuirfidh na heintitis ábhartha na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 5.1.2 agus i bpointe …

5.1.5.

Cuirfidh na heintitis ábhartha na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 5.1.2 agus i bpointe 5.1.3. san áireamh mar chuid de phróiseas roghnúcháin soláthróirí agus soláthraithe seirbhíse nua, chomh maith le cuid den phróiseas soláthair dá dtagraítear i bpointe 6.1.
5.1.6. Déanfaidh na heintitis ábhartha athbhreithniú ar an mbeartas maidir le slándáil an tslabhra …

5.1.6.

Déanfaidh na heintitis ábhartha athbhreithniú ar an mbeartas maidir le slándáil an tslabhra soláthair, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht ar chleachtais chibearshlándála soláthróirí agus soláthraithe seirbhíse, agus i gcás inar gá, gníomhóidh siad de bhun athruithe sna cleachtais sin, ag eatraimh phleanáilte agus tráth a tharlóidh athruithe suntasacha ar oibríochtaí nó rioscaí nó teagmhais shuntasacha a bhaineann le soláthar seirbhísí TFC nó a bhfuil tionchar acu ar shlándáil na dtáirgí TFC ó sholáthróirí agus ó sholáthraithe seirbhíse.
5.1.7. Chun críoch phointe 5.1.6, déanfaidh na heintitis ábhartha an méid seo a leanas: (a) …

5.1.7.

Chun críoch phointe 5.1.6, déanfaidh na heintitis ábhartha an méid seo a leanas:

(a)

faireachán rialta ar thuarascálacha maidir le cur chun feidhme na gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse, i gcás inarb infheidhme;

(b)

athbhreithniú ar theagmhais a bhaineann le táirgí TFC agus seirbhísí TFC ó sholáthróirí agus ó sholáthraithe seirbhíse;

(c)

measúnú ar an ngá atá le hathbhreithnithe neamhsceidealta agus na torthaí a dhoiciméadú ar bhealach sothuigthe;

(d)

anailís ar na rioscaí a bhaineann le hathruithe a bhaineann le táirgí TFC agus seirbhísí TFC ó sholáthróirí agus ó sholáthraithe seirbhíse agus, i gcás inarb iomchuí, bearta maolaitheacha a dhéanamh go tráthúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha

Naisc
Cineál naisc Saincheist
is related to 5.1 Supply chain security policy
  • Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2690
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.