+9. Cripteagrafaíocht (Airteagal 21(2), pointe (h) de Threoir (AE) 2022/2555)
---+9.1. Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (h) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis …
---+9.2. Maidir leis na beartais dá dtagraítear i bpointe 9.1, bunófar leo: (a) i gcomhréir le haicmiú …
---+9.3. Déanfaidh na heintitis ábhartha a mbeartas agus a nósanna imeachta a athbhreithniú agus, i …

9. Cripteagrafaíocht (Airteagal 21(2), pointe (h) de Threoir (AE) 2022/2555)

9.   Cripteagrafaíocht (Airteagal 21(2), pointe (h) de Threoir (AE) 2022/2555)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
9.1. Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (h) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis …

9.1.

Chun críoch Airteagal 21(2), pointe (h) de Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh na heintitis ábhartha beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le cripteagrafaíocht a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, d’fhonn úsáid leormhaith agus éifeachtach na cripteagrafaíochta a áirithiú chun rúndacht, barántúlacht agus sláine na sonraí a chosaint i gcomhréir le haicmiú sócmhainní na n-eintiteas ábhartha agus le torthaí an mheasúnaithe riosca a dhéanfar de bhun phointe 2.1.
9.2. Maidir leis na beartais dá dtagraítear i bpointe 9.1, bunófar leo: (a) i gcomhréir le haicmiú …

9.2.

Maidir leis na beartais dá dtagraítear i bpointe 9.1, bunófar leo:

(a)

i gcomhréir le haicmiú sócmhainní na n-eintiteas ábhartha, cineál, neart agus cáilíocht na mbeart cripteagrafach a éilítear chun sócmhainní na n-eintiteas ábhartha a chosaint, lena n-áirítear sonraí ar fos agus sonraí faoi bhealach;

(b)

bunaithe ar phointe (a), na prótacail nó an grúpa prótacal atá le glacadh, chomh maith le halgartaim chripteagrafacha, neart sifir, réitigh chripteagrafacha agus cleachtais úsáide atá le formheas agus a éilítear lena n-úsáid sna heintitis ábhartha, agus cur chuige lúfaireachta cripteagrafaí á leanúint, i gcás inarb iomchuí;

(c)

cur chuige na n-eintiteas ábhartha i leith príomhbhainistíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, modhanna le haghaidh na nithe seo a leanas:

(i)

eochracha éagsúla a ghiniúint do chórais chripteagrafacha agus d’fheidhmchláir chripteagrafacha;

(ii)

deimhnithe eochrach poiblí a eisiúint agus a fháil;

(iii)

eochracha a dháileadh ar eintitis bheartaithe, lena n-áirítear an chaoi le heochracha a ghníomhachtú nuair a fhaightear iad;

(iv)

eochracha a stóráil, lena n-áirítear an chaoi a bhfaigheann úsáideoirí údaraithe rochtain ar eochracha;

(v)

eochracha a athrú nó a nuashonrú, lena n-áirítear rialacha maidir leis an uair agus leis an gcaoi le heochracha a athrú;

(vi)

déileáil le heochracha atá i mbaol;

(vii)

eochracha a chúlghairm lena n-áirítear an chaoi le heochracha a tharraingt siar nó a dhíghníomhachtú;

(viii)

eochracha caillte nó truaillithe a athshlánú;

(ix)

cóip chúltaca a dhéanamh d’eochracha agus iad a chartlannú;

(x)

eochracha a scriosadh;

(xi)

príomhghníomhaíochtaí bainistíochta a logáil agus a iniúchadh;

(xii)

dátaí gníomhachtaithe agus díghníomhachtaithe a leagan síos le haghaidh eochracha lena n-áirithítear nach féidir na heochracha a úsáid ach ar feadh na tréimhse sonraithe de réir rialacha na heagraíochta maidir le bainistiú eochracha.

9.3. Déanfaidh na heintitis ábhartha a mbeartas agus a nósanna imeachta a athbhreithniú agus, i …

9.3.

Déanfaidh na heintitis ábhartha a mbeartas agus a nósanna imeachta a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, a thabhairt cothrom le dáta ag eatraimh phleanáilte, agus úrscothacht na cripteagrafaíochta á cur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha

Naisc
Cineál naisc Saincheist
is related to 9. Cryptography
  • Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2690
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.