Airteagal 12a
Faoin 28 Meitheamh 2021 athbhreithneoidh an Coimisiún mar a chuireann na Ballstáit an Treoir seo i bhfeidhm maidir lena gcuid institiúidí intíre atá rannpháirteach go díreach i gcórais atá á rialú faoi dhlí tríú tír agus ar shlándáil chomhthaobhach a chuirtear ar fáil i dtaca le rannpháirtíocht i gcórais den sórt sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an ngá a bheidh le tuilleadh leasuithe a dhéanamh ar an Treoir seo maidir le córais arna rialú ag dlí tríú tír. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, tograí le haghaidh athbhreithniú na Treorach seo.