+IARSCRÍBHINN VI
---+1. Na glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas leis …
---+2. Na costais agus na sochair a mheastar a bheidh ann do na hoibreoirí eacnamaíocha, lena …
---+3. Glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas le …

IARSCRÍBHINN VI

IARSCRÍBHINN VI

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
1. Na glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas leis …

1.

Na glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas leis na costais fhoriomlána (oibriúchán agus caiteachas caipitil) a thitfidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha as an táirge a mhonarú, a dháileadh nó a allmhairiú, nó as an tseirbhís a sholáthar.

Eilimintí lena measfar an glanchostas a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh:

(a)

critéir, a bhaineann le costais aonuaire eagraíochtúla, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)

costais a bhaineann le hacmhainní daonna breise a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí inrochtaineachta;

(ii)

costais a bhaineann le hoiliúint a chur ar acmhainní daonna agus le hinniúlachtaí i gcúrsaí inrochtaineachta a fháil;

(iii)

costais a bhaineann le próiseas nua a fhorbairt chun an inrochtaineacht a thabhairt san áireamh agus an táirge á fhorbairt nó an tseirbhís á cur ar fáil;

(iv)

costais a bhaineann le hábhar treorach a fhorbairt maidir le cúrsaí inrochtaineachta;

(v)

costais aonuaire a bhaineann le tuiscint a fháil ar reachtaíocht na hinrochtaineachta;

(b)

critéir, a bhaineann le costais leanúnacha táirgthe agus forbartha, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)

costais a bhaineann le dearadh na saintréithe inrochtaineachta atá ag an táirge nó seirbhís;

(ii)

costais a tabhaíodh le linn na bpróiseas monarúcháin;

(iii)

costais a bhaineann le tástáil inrochtaineachta a dhéanamh ar an táirge nó ar an tseirbhís;

(iv)

costais a bhaineann le doiciméadacht a bhunú.

2. Na costais agus na sochair a mheastar a bheidh ann do na hoibreoirí eacnamaíocha, lena …

2.

Na costais agus na sochair a mheastar a bheidh ann do na hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear na próisis táirgthe agus infheistíochta, i gcoibhneas leis an sochar a mheastar a bheidh ann do dhaoine atá faoi mhíchumas, ag cur san áireamh méid úsáide agus minicíocht úsáide an táirge nó na seirbhíse a bheidh i gceist.

3. Glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas le …

3.

Glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas le glanláimhdeachas an oibreora eacnamaíoch.

Eilimintí lena measfar glanchostas a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh:

(a)

critéir, a bhaineann le costais aonuaire eagraíochtúla, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)

costais a bhaineann le hacmhainní daonna breise a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí inrochtaineachta;

(ii)

costais a bhaineann le hoiliúint a chur ar acmhainní daonna agus le hinniúlachtaí i gcúrsaí inrochtaineachta a fháil;

(iii)

costais a bhaineann le próiseas nua a fhorbairt chun an inrochtaineacht a thabhairt san áireamh agus an táirge á fhorbairt nó an tseirbhís á cur ar fáil;

(iv)

costais a bhaineann le hábhar treorach a fhorbairt maidir le cúrsaí inrochtaineachta;

(v)

costais aonuaire a bhaineann le tuiscint a fháil ar reachtaíocht na hinrochtaineachta;

(b)

critéir, a bhaineann le costais leanúnacha táirgthe agus forbartha, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)

costais a bhaineann le dearadh na saintréithe inrochtaineachta atá ag an táirge nó seirbhís;

(ii)

costais a tabhaíodh le linn na bpróiseas monarúcháin;

(iii)

costais a bhaineann le tástáil inrochtaineachta a dhéanamh ar an táirge nó ar an tseirbhís;

(iv)

costais a bhaineann le doiciméadacht a bhunú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0882
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.