+IARSCRÍBHINN V

IARSCRÍBHINN V

IARSCRÍBHINN V

Cuid I:   Samhail Pointe Sonraí Aonair

Déanfar gach ítim sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo a chlaochlú ina samhail pointe sonraí aonair.

Leis an tsamhail pointe sonraí aonair, comhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

Cuirfear ar fáil léi uiríoll struchtúrtha maidir leis na míreanna sonraí ar fad a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

Sainaithnítear inti na coincheapa gnó uile a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(c)

Cuirfear ar fáil léi foclóir sonraí ina sainaithnítear lipéid táblaí, lipéid ordanáidí, lipéid aiseanna, lipéid fearann, lipéid toisí agus lipéid bhall;

(d)

Cuirfear ar fáil léi méadrachtaí lena sainmhínítear airí nó méid na bpointí sonraí;

(e)

Cuirfear ar fáil léi sainmhínithe ar phointí sonraí a chuirtear in iúl mar chomhdhéanamh saintréithe a shainaithníonn an coincheap ar bhealach aonchiallach;

(f)

Áireofar inti na sonraíochtaí teicniúla ábhartha ar fad is gá chun réitigh tuairiscithe TF a fhorbairt a chuirfidh sonraí maoirseachta aonfhoirmeacha ar fáil.

Cuid II:   Rialacha bailíochtaithe

Beidh na hítimí sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo faoi réir rialacha bailíochtaithe lena n-áiritheofar cáilíocht agus comhsheasmhacht sonraí.

Leis na rialacha maidir le bailíochtú, comhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

Go sainmhíneofar iontu an caidreamh loighciúil idir pointí sonraí ábhartha;

(b)

Go n-áireofar iontu scagairí agus réamhchoinníollacha lena sainítear sonraí a bhfuil feidhm ag riail bailíochtaithe ina leith;

(c)

Go seiceálfar leo comhsheasmhacht na sonraí tuairiscithe;

(d)

Go seiceálfar leo cruinneas na sonraí tuairiscithe;

(e)

Go leagfar síos leo luachanna a chuirfear i bhfeidhm i gcás nach dtuairiscítear an fhaisnéis ábhartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2902
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.