+12. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar i dTeimpléad …
|
12. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar i dTeimpléad …
|
12.
|
I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar i dTeimpléad S 02.00 faisnéis faoi luach an chomhartha arna eisiúint agus faoi mhéid an chúlchiste sócmhainní lena mbaineann.
|
VI. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 02.00
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Luach an chomhartha arna eisiúint – ar an dáta tagartha
Luach comhiomlánaithe an chomhartha arna eisiúint, ar an dáta tagartha maidir le tuairisciú, arna ríomh de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
0020
|
Luach an chomhartha arna eisiúint — uasmhéid
An t-uasmhéid i measc luachanna comhiomlánaithe an chomhartha arna eisiúint amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
0030
|
Luach an chomhartha arna eisiúint — ar an meán
Meánmhéid luachanna comhiomlánaithe an chomhartha arna eisiúint amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [2024) 6910]. Ríomhfar an meán mar shuim luachanna an chomhartha eisithe arna ríomh do gach lá féilire don tréimhse tuairiscithe, arna roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0040
|
Luach an chomhartha arna eisiúint – íosmhéid
An t-íosmhéid i measc luachanna comhiomlánaithe an chomhartha arna eisiúint amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
0050
|
Méid an chúlchiste sócmhainní – ar an dáta tagartha
Luach an chúlchiste sócmhainní amhail ag deireadh an dáta tagartha, arna ríomh de réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0060
|
Méid an chúlchiste sócmhainní – uasmhéid
An t-uasmhéid i measc luachanna an chúlchiste sócmhainní amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0070
|
Méid an chúlchiste sócmhainní – ar an meán
Meánmhéid luachanna an chúlchiste sócmhainní amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114. Ríomhfar an meán mar shuim luachanna an chúlchiste sócmhainní arna ríomh le haghaidh gach lae féilire don tréimhse tuairiscithe, arna roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0080
|
Méid an chúlchiste sócmhainní – íosmhéid
An t-íosmhéid i measc luachanna an chúlchiste sócmhainní amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir na gceanglas a leagtar amach Airteagal 36 Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
VII. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 03.01
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2902
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|