+IARSCRÍBHINN II TUAIRISCIÚ LE hAGHAIDH EISITHEOIRÍ COMHARTHAÍ SÓCMHAINN-TAGARTHA AGUS COMHARTHAÍ RÍOMH-AIRGID A AINMNÍTEAR IN AIRGEADRA NACH AIRGEADRA OIFIGIÚIL BALLSTÁIT É — TREORACHA
---+1. San Iarscríbhinn seo tá na treoracha maidir le tuairisciú na dteimpléad d’eisitheoirí.
---+2. Tá ceithre thacar teimpléad éagsúla san Iarscríbhinn seo: (a) líon na sealbhóirí (S 01.00); (b) …
---+3. Soláthraítear tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Áirítear sa chuid seo den Rialachán Cur …
---+4. Tuairisceoidh eisitheoirí sna colúin a lipéadaítear mar ‘Méid’ nó ‘Méid/Margadhluach’ na …
---+5. Leantar an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún; z-ais}. I …
---+6. Agus na teimpléid á líonadh isteach acu, úsáidfidh eisitheoirí an fhaisnéis arna soláthar ag na …
---+7. Tuairisceoidh eisitheoirí na teimpléid uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.
---+8. Tuairisceoidh eisitheoirí na teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar leithligh le …
---+9. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114, beidh líon shealbhóirí …
---+10. Tuairisceofar faisnéis faoin teimpléad seo ar leibhéal iomlán agus ar leithligh le haghaidh …
---+11. Sainaithneoidh eisitheoirí, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó sholáthraithe seirbhísí …
---+12. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar i dTeimpléad …
---+13. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
---+14. Tuairisceoidh eisitheoirí na hítimí uile i dTeimpléad S 03.01 seo in airgeadra oifigiúil an …
---+15. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
---+16. Chun faisnéis a bhailiú faoi chomhchruinniú de réir contrapháirtithe maidir le gach cineál …
---+17. Tuairisceoidh eisitheoirí an fiche contrapháirtí is mó le haghaidh na sócmhainní a áirítear ina …
---+18. I gcás ina mbaineann contrapháirtí le roinnt grúpaí eintiteas a bhfuil dlúthnaisc acu, ní …
---+19. Tuairisceoidh eisitheoirí na hítimí uile sa teimpléad seo san airgeadra tuairiscithe, gan beann …
---+20. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
---+21. Is mar a leanas a bheidh suíomh an tionscnóra agus an tairbhí a bhfuil baint aige leis na …
---+22. Beidh na hidirbhearta sin faoi raon feidhme an teimpléid seo, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar …
---+23. Cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in …
---+24. Áireofar miondealú le haghaidh na n-idirbheart i dTeimpléad S 04.01: (a) ina measc, a rinneadh …
---+25. Tuairisceofar teimpléad S 04.01 ar leithligh le haghaidh gach tíre a bhaineann leis an …
---+26. Is é an t-aon difríocht idir Teimpléid S 04.02 agus Teimpléad S 04.01 go mbaineann Teimpléad S …
---+27. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
---+28. Áireofar i dteimpléad S 04.04 faisnéis maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun meastachán …
---+29. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
---+30. Leanfaidh an teimpléad seo na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
---+31. Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh do gach limistéar airgeadra aonair mar a …
|
IARSCRÍBHINN II TUAIRISCIÚ LE hAGHAIDH EISITHEOIRÍ COMHARTHAÍ SÓCMHAINN-TAGARTHA AGUS COMHARTHAÍ RÍOMH-AIRGID A AINMNÍTEAR IN AIRGEADRA NACH AIRGEADRA OIFIGIÚIL BALLSTÁIT É — TREORACHA
IARSCRÍBHINN II
TUAIRISCIÚ LE hAGHAIDH EISITHEOIRÍ COMHARTHAÍ SÓCMHAINN-TAGARTHA AGUS COMHARTHAÍ RÍOMH-AIRGID A AINMNÍTEAR IN AIRGEADRA NACH AIRGEADRA OIFIGIÚIL BALLSTÁIT É — TREORACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. San Iarscríbhinn seo tá na treoracha maidir le tuairisciú na dteimpléad d’eisitheoirí.
|
|
1.
|
San Iarscríbhinn seo tá na treoracha maidir le tuairisciú na dteimpléad d’eisitheoirí.
|
|
|
2. Tá ceithre thacar teimpléad éagsúla san Iarscríbhinn seo: (a) líon na sealbhóirí (S 01.00); (b) …
|
|
2.
|
Tá ceithre thacar teimpléad éagsúla san Iarscríbhinn seo:
|
(a)
|
líon na sealbhóirí (S 01.00);
|
|
(b)
|
luach an chomhartha arna eisiúint agus méid agus comhdhéanamh an chúlchiste sócmhainní (S 02.00, S 03.01 agus S 03.02);
|
|
(c)
|
idirbhearta in aghaidh an lae (S 04.01, S 04.02, S 04.03 agus S 04.04);
|
|
(d)
|
idirbhearta in aghaidh an lae a bhaineann le húsáidí mar mhodh malartaithe laistigh de limistéar airgeadra aonair (S 05.00).
|
|
|
|
3. Soláthraítear tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Áirítear sa chuid seo den Rialachán Cur …
|
|
3.
|
Soláthraítear tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Áirítear sa chuid seo den Rialachán Cur Chun Feidhme seo tuilleadh faisnéise mionsonraithe maidir le gnéithe níos ginearálta den tuairisciú ar gach bloc teimpléad agus treoracha maidir le suíomhanna sonracha.
|
|
|
4. Tuairisceoidh eisitheoirí sna colúin a lipéadaítear mar ‘Méid’ nó ‘Méid/Margadhluach’ na …
|
|
4.
|
Tuairisceoidh eisitheoirí sna colúin a lipéadaítear mar ‘Méid’ nó ‘Méid/Margadhluach’ na luachanna airgeadaíochta atá ainmnithe in airgeadra oifigiúil Bhallstát an údaráis inniúil, gan beann ar ainmníocht na linne sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha. Sna colúin a lipéadaítear mar “Uimhir”, tuairisceofar luachanna uimhriúla, de réir na dtreoracha sonracha a thugtar do na teimpléid. Tá an méid sin gan dochar do theimpléid S 03.01, S 03.02 agus S 04.04, dá sonraítear iad ina dtreoracha gaolmhara.
|
|
|
5. Leantar an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún; z-ais}. I …
|
|
5.
|
Leantar an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún; z-ais}. I gcás teimpléad nach bhfuil ach aon cholún amháin iontu, ní thagraítear ach do rónna {Teimpléad; Ró}, le z-ais i gcás inarb infheidhme.
|
|
|
6. Agus na teimpléid á líonadh isteach acu, úsáidfidh eisitheoirí an fhaisnéis arna soláthar ag na …
|
|
6.
|
Agus na teimpléid á líonadh isteach acu, úsáidfidh eisitheoirí an fhaisnéis arna soláthar ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) agus Airteagal 3(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
II. Raon feidhme an tuairiscithe
|
|
7. Tuairisceoidh eisitheoirí na teimpléid uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.
|
|
7.
|
Tuairisceoidh eisitheoirí na teimpléid uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.
|
|
|
8. Tuairisceoidh eisitheoirí na teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar leithligh le …
|
|
8.
|
Tuairisceoidh eisitheoirí na teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar leithligh le haghaidh gach comhartha sócmhainn-tagartha.
|
CUID II: LÍON NA SEALBHÓIRÍ (S 01.00)
III. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 01.00
|
|
9. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114, beidh líon shealbhóirí …
|
|
9.
|
I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114, beidh líon shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha amhail ag deireadh an dáta tagartha i dTeimpléad S 01.00, agus beidh na miondealuithe seo a leanas ann:
|
(a)
|
Sealbhóirí tiachóg coinneála, lena n-áirítear “ina measc” le haghaidh sealbhóirí miondíola;
|
|
(b)
|
Sealbhóirí tiachóg neamhchoinneála, lena n-áirítear chun críche an teimpléid seo sealbhóirí aon chineál eile seoltaí mórleabhar dáilte a úsáidtear chun críoch socraíochta agus nach bhfuil á rialú ag sealbhóir an chomhartha sócmhainn-tagartha nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní; áirítear miondealú breise le haghaidh sealbhóirí miondíola mar “ina measc” sa ró sin.
|
|
|
|
10. Tuairisceofar faisnéis faoin teimpléad seo ar leibhéal iomlán agus ar leithligh le haghaidh …
|
|
10.
|
Tuairisceofar faisnéis faoin teimpléad seo ar leibhéal iomlán agus ar leithligh le haghaidh gach Ballstáit nó tríú tír. Is mar seo a leanas a chinnfidh suíomh na sealbhóirí tír an tsealbhóra:
|
a.
|
i gcás daoine nádúrtha, an áit a bhfuil gnáthchónaí orthu;
|
|
b.
|
i gcás daoine dlítheanacha, seoladh na hoifige cláraithe.
|
|
|
|
11. Sainaithneoidh eisitheoirí, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó sholáthraithe seirbhísí …
|
|
11.
|
Sainaithneoidh eisitheoirí, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 1(2) agus Airteagal 3(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo, dúbailtí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na sealbhóirí céanna ag a bhfuil ilchuntais le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní éagsúla. Áireofar cuntais den sórt sin, i gcás inarb é an sealbhóir iarbhír an duine céanna nó an t-eintiteas céanna, mar shealbhóir amháin chun críocha Theimpléad S 01.00.
|
IV. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 01.00
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Líon iomlán na sealbhóirí
Líon iomlán na sealbhóirí.
|
|
0020
|
sealbhóirí tiachóg coinneála
An líon sealbhóirí tiachóg neamhchoinneála de réir bhrí Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán Tarmligthe [C(2024) 6910] (1).
|
|
0030
|
an méid díobh ar sealbhóirí miondíola iad
Laistigh de raon feidhme ró 0020 – ina measc sealbhóirí tiachóg coinneála, líon na sealbhóirí miondíola.
|
|
0040
|
sealbhóirí tiachóg neamhchoinneála
An líon sealbhóirí tiachóg neamhchoinneála de réir bhrí Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán Tarmligthe [C(2024) 6910], nó sealbhóir aon chineáil eile seolta mórleabhar dáilte a úsáidtear chun críoch socraíochta agus nach bhfuil á rialú ag sealbhóir an chomhartha sócmhainn-tagartha nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus gach sealbhóir eile an chomhartha sócmhainn-tagartha nach n-áirítear faoi ró 0020 – ina measc sealbhóirí tiachóg coinneála. Mar gheall ar an bhfaisnéis theoranta faoi shealbhóirí tiachóg neamhchoinneála, ní mór d’eisitheoirí a meastacháin don ró sin a thuairisciú, arna ríomh ar bhonn na hiarrachta is fearr.
|
|
0050
|
an méid díobh ar sealbhóirí miondíola iad
Laistigh de raon feidhme ró 0040 – ina measc sealbhóirí tiachóg neamhchoinneála, líon na sealbhóirí miondíola. Mar gheall ar an bhfaisnéis theoranta faoi shealbhóirí tiachóg neamhchoinneála, ní mór d’eisitheoirí a meastacháin don ró sin a thuairisciú, arna ríomh ar bhonn na hiarrachta is fearr.
|
CUID III: LUACH AN CHOMHARTHA ARNA EISIÚINT AGUS MÉID AGUS COMHDHÉANAMH CHÚLCHISTE NA SÓCMHAINNÍ (S 02.00, S 03.01 agus S 03.02)
V. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 02.00
|
|
12. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar i dTeimpléad …
|
|
12.
|
I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar i dTeimpléad S 02.00 faisnéis faoi luach an chomhartha arna eisiúint agus faoi mhéid an chúlchiste sócmhainní lena mbaineann.
|
VI. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 02.00
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Luach an chomhartha arna eisiúint – ar an dáta tagartha
Luach comhiomlánaithe an chomhartha arna eisiúint, ar an dáta tagartha maidir le tuairisciú, arna ríomh de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
0020
|
Luach an chomhartha arna eisiúint — uasmhéid
An t-uasmhéid i measc luachanna comhiomlánaithe an chomhartha arna eisiúint amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
0030
|
Luach an chomhartha arna eisiúint — ar an meán
Meánmhéid luachanna comhiomlánaithe an chomhartha arna eisiúint amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [2024) 6910]. Ríomhfar an meán mar shuim luachanna an chomhartha eisithe arna ríomh do gach lá féilire don tréimhse tuairiscithe, arna roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0040
|
Luach an chomhartha arna eisiúint – íosmhéid
An t-íosmhéid i measc luachanna comhiomlánaithe an chomhartha arna eisiúint amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
0050
|
Méid an chúlchiste sócmhainní – ar an dáta tagartha
Luach an chúlchiste sócmhainní amhail ag deireadh an dáta tagartha, arna ríomh de réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0060
|
Méid an chúlchiste sócmhainní – uasmhéid
An t-uasmhéid i measc luachanna an chúlchiste sócmhainní amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0070
|
Méid an chúlchiste sócmhainní – ar an meán
Meánmhéid luachanna an chúlchiste sócmhainní amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114. Ríomhfar an meán mar shuim luachanna an chúlchiste sócmhainní arna ríomh le haghaidh gach lae féilire don tréimhse tuairiscithe, arna roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0080
|
Méid an chúlchiste sócmhainní – íosmhéid
An t-íosmhéid i measc luachanna an chúlchiste sócmhainní amhail ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe, arna ríomh de réir na gceanglas a leagtar amach Airteagal 36 Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
VII. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 03.01
|
|
13. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
|
|
13.
|
I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad S 03.01 faisnéis maidir le méid an chúlchiste sócmhainní, lena n-áirítear comhdhéanamh an chúlchiste sócmhainní de réir chineál na sócmhainní agus na n-aibíochtaí.
|
|
|
14. Tuairisceoidh eisitheoirí na hítimí uile i dTeimpléad S 03.01 seo in airgeadra oifigiúil an …
|
|
14.
|
Tuairisceoidh eisitheoirí na hítimí uile i dTeimpléad S 03.01 seo in airgeadra oifigiúil an Bhallstáit baile (airgeadra tuairiscithe), gan beann ar ainmníocht iarbhír na n-ítimí sin. Chun na gcríoch sin, déanfar ítimí nach bhfuil ainmnithe san airgeadra tuairiscithe a chomhshó san airgeadra tuairiscithe trí úsáid a bhaint as spotráta malairte BCE is infheidhme ar an dáta tagartha tuairiscithe. Tuairisceoidh eisitheoirí ar leithligh freisin ítimí an teimpléid sin atá ainmnithe san airgeadra céanna, arna gcur i láthair ina n-airgeadra ainmníochta tríd an luach z-ais gaolmhar a shocrú dá réir sin.
|
VIII. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 03.01
|
Rónna
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Cúlchiste sócmhainní
Méid/margadhluach na sócmhainní sa chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus an sásra leachtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe, lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, á chur san áireamh.
|
|
0020
|
Cúlchiste sócmhainní neamhchoigeartaithe
Méid/margadhluach na sócmhainní sa chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 sula gcuirtear san áireamh an sásra leachtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe, lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0030
|
Boinn agus nótaí bainc
Líon iomlán na mbonn agus na nótaí bainc.
|
|
0040
|
Éarlaisí le hinstitiúidí creidmheasa
Tuairisceofar anseo méid na dtaiscí le hinstitiúidí creidmheasa.
|
|
0050
|
Tráchtearraí
Tuairisceofar anseo margadhluach na dtráchtearraí nó na scaireanna i gcistí a infheistíonn i dtráchtearraí d’fhonn praghas tráchtearraí a rianú.
|
|
0060
|
an méid díobh siúd: atá bunaithe ar ór
Tráchtearraí mar a thuairiscítear i ró 0050 atá bunaithe ar ór.
|
|
0070
|
an méid díobh siúd: atá bunaithe ar mhiotail lómhara eile
Tráchtearraí mar a thuairiscítear i ró 0050 atá bunaithe ar mhiotail lómhara eile seachas ór, lena n-áirítear platanam nó airgead.
|
|
0080
|
an méid díobh siúd: atá bunaithe ar mhiotail tionscail
Tráchtearraí mar a thuairiscítear i ró 0050 atá bunaithe ar mhiotail tionscail, ina measc Alúmanam, Copar, Nicil Luaidhe, Stán nó Sinc.
|
|
0090
|
an méid díobh siúd: atá bunaithe ar fhuinneamh
Tráchtearraí mar a thuairiscítear i ró 0050 atá bunaithe ar fhuinneamh, lena n-áirítear Amhola (WTI agus Brent), Gás Nádúrtha, Gásailín RBOB, Ola Gháis ina bhfuil Méid Íseal Sulfair nó Díosal ina bhfuil Méid Sáríseal Sulfair.
|
|
0100
|
an méid díobh siúd: atá bunaithe ar bheostoc
Tráchtearraí mar a thuairiscítear i ró 0050 atá bunaithe ar bheostoc, lena n-áirítear Eallach Beo nó Muca Barainneacha.
|
|
0110
|
an méid díobh siúd: atá bunaithe ar ghráinní
Tráchtearraí mar a thuairiscítear i ró 0050 atá bunaithe ar ghráinní, lena n-áirítear Pónairí Soighe Arbhair, Ola Pónaire Soighe, Min nó Cruithneacht Pónairí Soighe (Chicago agus KC HRW).
|
|
0120
|
an méid díobh siúd: atá bunaithe ar tháirgí boga
Tráchtearraí mar a thuairiscítear i ró 0050 atá bunaithe ar tháirgí boga, lena n-áirítear Cócó, Caife, Cadás nó Siúcra.
|
|
0130
|
Sócmhainní in ionannas le héilimh ar bhainc cheannais nó arna ráthú acu
Margadhluach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha mar a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, arb ionann iad agus éilimh ar bhainc cheannais nó a ráthaíonn bainc cheannais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointí (b) agus (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 (2).
|
|
0140
|
Sócmhainní in ionannas le héilimh ar rialtais láir nó arna ráthú acu
Margadhluach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha mar a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, arb ionann iad agus éilimh ar rialtais lárnacha nó a ráthaíonn rialtais lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointí (c) agus (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún
|
|
0150
|
Sócmhainní in ionannas le héilimh ar rialtais réigiúnacha /údaráis áitiúla nó arna ráthú acu
Margadhluach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha mar a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, arb ionann iad agus éilimh ar rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla nó a ráthaíonn rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.
|
|
0160
|
Sócmhainní in ionannas le héilimh ar eintitis san earnáil phoiblí nó arna ráthú acu
Margadhluach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha mar a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, arb ionann iad agus éilimh ar eintitis earnála poiblí nó a ráthaíonn eintitis earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.
|
|
0170
|
Sócmhainní in ionannas le héilimh ar institiúidí creidmheasa nó arna ráthú acu (arna gcosaint ag rialtas Ballstáit, iasachtóir cur chun cinn)
Margadhluach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha, mar a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, agus a eisíonn institiúidí creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.
|
|
0180
|
Sócmhainní in ionannas le héilimh ar bhainc forbartha iltaobhacha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó arna ráthú acu
Margadhluach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha mar a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, arb ionann iad agus éilimh ar bhainc forbartha iltaobhacha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó a ráthaíonn bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (g), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.
|
|
0190
|
Aonaid gnóthas comhinfheistíochta (GC) cháilitheacha
Margadhluach scaireanna nó aonad in GCanna dá dtagraítear in Airteagal 15(2)(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61. Tuairisceofar margadhluach aonad in GCUI dá dtagraítear in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 anseo freisin.
|
|
0200
|
Bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin
Margadhluach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha mar a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, arb ionann iad agus neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (f), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.
|
|
0210
|
Ionstraimí airgeadais fíorleachtacha eile, a úsáidtear mar shócmhainní dá dtagraítear
Margadhluach ionstraimí airgeadais fíorleachtacha a úsáidtear mar shócmhainní dá dtagraítear agus a thagann faoi Airteagal 2(1), pointe (a), pointe (iii), de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0220
|
an méid díobh siúd: Cripteashócmhainní
Ionstraimí airgeadais fíorleachtacha mar a thuairiscítear i ró 0210 más cripteashócmhainní iad dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0230
|
Eile
Méid/margadhluach aon sócmhainne eile sa chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0240
|
Coigeartuithe
Tuairisceofar anseo tionchar na gcoigeartuithe a bhaineann leis na sócmhainní sa chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114, mar gheall ar fhoirceannadh idirbheart cistithe urraithe, iasachtaithe urraithe nó idirbheart babhtála comhthaobhachta a rinneadh agus cúlsócmhainní á n-úsáid ar chéim amháin ar a laghad den idirbheart, i gcás ina n-aibeoidh an t-idirbheart laistigh de 5 lá oibre, mar a shonraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0250
|
Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais
|
|
0260
|
Insreafaí airgid a thiocfaidh in aibíocht laistigh de na chéad 5 lá oibre amach romhainn
Méid an insreafa airgid ó idirbhearta athcheannaigh droim ar ais i gcás ina n-aibíonn an t-idirbheart laistigh de na 5 lá oibre dar gcionn tar éis an dáta tagartha tuairiscithe.
|
|
0270
|
Eis-sreafaí comhthaobhachta a thiocfaidh in aibíocht laistigh de na chéad 5 lá oibre amach romhainn
Tuairisceofar margadhluach na n-eis-sreafaí comhthaobhachta ó idirbhearta athcheannaigh droim ar ais i gcás ina n-aibíonn an t-idirbheart laistigh de na 5 lá oibre tar éis an dáta tagartha tuairiscithe anseo má thuairiscítear an chomhthaobhacht atá le breacadh faoi ró 0020.
|
|
0280
|
an méid díobh siúd: Bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin
Margadhluach na n-eis-sreafaí comhthaobhachta mar a thuairiscítear i ró 0270 i bhfoirm bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), pointe (ii), de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0290
|
Idirbhearta athcheannaigh
|
|
0300
|
Eis-sreafaí airgid a thiocfaidh in aibíocht laistigh de na 5 lá oibre amach romhainn
Méid an eis-sreafa airgid ó idirbhearta athcheannaigh i gcás ina dtagann an t-idirbheart in aibíocht laistigh de na 5 lá oibre tar éis an dáta tagartha tuairiscithe.
|
|
0310
|
Insreafaí comhthaobhachta a thiocfaidh in aibíocht laistigh de na 5 lá oibre amach romhainn
Margadhluach na n-insreafaí comhthaobhachta ó idirbhearta athcheannaigh i gcás ina n-aibíonn an t-idirbheart laistigh de na 5 lá oibre tar éis an dáta tagartha tuairiscithe dá gcáileodh an chomhthaobhacht atá le fáil, dá mbeadh sí neamhualaithe, mar shócmhainn sa chúlchiste sócmhainní.
|
|
0320
|
an méid díobh siúd: Bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin
Margadhluach na n-insreafaí comhthaobhachta mar a thuairiscítear i ró 0310 i bhfoirm bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), pointe (ii), de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0330
|
Babhtálacha comhthaobhachta
|
|
0340
|
Eis-sreafaí comhthaobhachta a thiocfaidh in aibíocht laistigh de na chéad 5 lá oibre amach romhainn
Margadhluach na n-eis-sreafaí comhthaobhachta ó bhabhtálacha comhthaobhachta i gcás ina n-aibíonn an t-idirbheart laistigh de na 5 lá oibre tar éis an dáta tagartha má thuairiscítear an chomhthaobhacht atá le breacadh faoi ró 0020.
|
|
0350
|
an méid díobh siúd: Bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin
Margadhluach na n-eis-sreafaí comhthaobhachta mar a thuairiscítear i ró 0340 i bhfoirm bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), pointe (ii), de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0360
|
Insreafaí comhthaobhachta a thiocfaidh in aibíocht laistigh de na 5 lá oibre amach romhainn
Margadhluach na n-insreafaí comhthaobhachta ó bhabhtálacha comhthaobhachta i gcás ina n-aibíonn an t-idirbheart laistigh de na 5 lá oibre tar éis an dáta tagartha dá gcáileodh an chomhthaobhacht atá le fáil, dá mbeadh sí neamhualaithe, mar shócmhainn sa chúlchiste sócmhainní.
|
|
0370
|
an méid díobh siúd: Bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin
Margadhluach na n-insreafaí comhthaobhachta mar a thuairiscítear i ró 0360 i bhfoirm bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), pointe (ii), de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
0380
|
Luach na sócmhainne dá dtagraítear
Luach airgeadúil nó margadhluach na sócmhainne-tagartha ag na comharthaí arna n-eisiúint má dhéantar tagairt don chomhartha d’airgeadraí oifigiúla nó d’airgeadraí eile seachas airgeadraí oifigiúla, faoi seach.
|
|
0390
|
Rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh éigeantach
Luach an chúlchiste sócmhainní ar mó é ná luach na sócmhainní dá dtagraítear agus a shloinntear mar chéatadán de luach na sócmhainní dá dtagraítear, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
Colúin
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Méid/margadhluach
Tuairisceoidh eisitheoirí i gcolún 0010 margadhluach, nó méid i gcás inarb infheidhme, na sócmhainní sa chúlchiste sócmhainní le haghaidh rónna 0010 go 0380. Tuairisceofar ró 0390 mar chéatadán.
Leis an méid/margadhluach a thuairiscítear i gcolún 0010, cuirfear san áireamh glan-eis-sreafaí agus glan-insreafaí a mbeadh dúnadh luath an fhálaithe mar thoradh orthu, lena n-áirítear díorthaigh lena bhfálaítear an difríocht idir an t-athrú ar mhargadhluach na gcúlsócmhainní agus an t-athrú ar mhargadhluach na sócmhainní dá dtagraítear leis an gcomhartha. Áirítear leis sin díorthaigh sa chúlchiste sócmhainní a bhaineann leis na sócmhainní dá dtagraítear leis na comharthaí i gcás nach ndéantar tagairt do na comharthaí d’airgeadraí oifigiúla.
Ní chuirfear caolchorrlaigh rialála san áireamh leis an méid/margadhluach a thuairiscítear i gcolún 0010.
Cuirfidh eisitheoirí san áireamh an glansreabhadh airgid, bíodh sé ina eis-sreabhadh nó ina insreabhadh, a thiocfadh chun cinn dá ndúnfaí an fálú ar an dáta tagartha tuairiscithe. Ní chuirtear san áireamh leis sin athruithe féideartha ar luach na sócmhainne sa todhchaí.
|
|
z-ais
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
Airgeadra
|
Léireoidh an t-eisitheoir cén t-airgeadra atá faoin raon feidhme i gcomhréir le pointe 15 don teimpléad a chuirtear i láthair.
|
IX. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 03.02
|
|
15. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
|
|
15.
|
I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad S 03.02 faisnéis maidir le méid an chúlchiste sócmhainní, lena n-áirítear comhdhéanamh an chúlchiste sócmhainní de réir contrapháirtí/eisitheora.
|
|
|
16. Chun faisnéis a bhailiú faoi chomhchruinniú de réir contrapháirtithe maidir le gach cineál …
|
|
16.
|
Chun faisnéis a bhailiú faoi chomhchruinniú de réir contrapháirtithe maidir le gach cineál sócmhainne laistigh den chúlchiste sócmhainní i dTeimpléad S 03.02, cuirfidh eisitheoirí na treoracha atá sa roinn seo i bhfeidhm.
|
|
|
17. Tuairisceoidh eisitheoirí an fiche contrapháirtí is mó le haghaidh na sócmhainní a áirítear ina …
|
|
17.
|
Tuairisceoidh eisitheoirí an fiche contrapháirtí is mó le haghaidh na sócmhainní a áirítear ina gcúlchiste sócmhainní. Is é an contrapháirtí a thuairisceofar in ítim 1.01 an contrapháirtí lena sealbhaítear an méid is mó sócmhainní i gcoibhneas le contrapháirtí amháin, agus gach cineál sócmhainne á mheas ar leithligh i bhfoirm taiscí le hurrúis arna n-eisiúint ag an gcontrapháirtí sin, risíochtaí díorthach leis an gcontrapháirtí sin nó risíochtaí eile leis an gcontrapháirtí sin, ar an dáta tagartha tuairiscithe; beidh ítim 1.02 ar an dara ítim is mó; agus is mar an gcéanna é maidir leis na hítimí atá fágtha. Maidir leis na taiscí bainc uile atá fágtha le, na hurrúis arna n-eisiúint ag, risíochtaí díorthach le contrapháirtithe eile, tuairisceofar iad ar bhealach comhiomlánaithe in ítimí 1.21, 1.22 agus 1.23, faoi seach.
|
|
|
18. I gcás ina mbaineann contrapháirtí le roinnt grúpaí eintiteas a bhfuil dlúthnaisc acu, ní …
|
|
18.
|
I gcás ina mbaineann contrapháirtí le roinnt grúpaí eintiteas a bhfuil dlúthnaisc acu, ní dhéanfar é a thuairisciú ach uair amháin sa ghrúpa ag a bhfuil an méid is mó sócmhainní.
|
|
|
19. Tuairisceoidh eisitheoirí na hítimí uile sa teimpléad seo san airgeadra tuairiscithe, gan beann …
|
|
19.
|
Tuairisceoidh eisitheoirí na hítimí uile sa teimpléad seo san airgeadra tuairiscithe, gan beann ar ainmníocht iarbhír na n-ítimí sin. Chun na gcríoch sin, ba cheart ítimí nach bhfuil ainmnithe san airgeadra tuairiscithe a chomhshó san airgeadra tuairiscithe trí úsáid a bhaint as spotráta malairte BCE is infheidhme ar an dáta tagartha tuairiscithe. Tuairisceoidh eisitheoirí ar leithligh freisin ítimí an teimpléid sin atá ainmnithe san airgeadra céanna, arna gcur i láthair ina n-airgeadra ainmníochta tríd an luach z-ais gaolmhar a shocrú dá réir sin.
|
X. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 03.02
|
Colúin
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
An cineál táirge
Eisitheoirí/Contrapháirtithe a thaifeadtar i gcolún 0020, sannfar cineál táirge dóibh a chomhfhreagraíonn don idirbheart foluiteach, ag úsáid na gcód seo a leanas a léirítear i gcló trom:
|
—
|
DEPO (Taiscí le hinstitiúid creidmheasa sa chúlchiste sócmhainní).
|
|
—
|
0 % SEC (cóimheas cumhdaigh ar leachtacht 0 % caolchorrlach sócmhainní leachtacha – urrúis nó ionstraimí margaidh airgid sa chúlchiste sócmhainní).
|
|
—
|
EHCB (cóimheas cumhdaigh ar leachtacht bannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin sa chúlchiste sócmhainní).
|
|
—
|
Aonaid GCUI (aonaid i GCUI sa chúlchiste sócmhainní).
|
|
—
|
DERIV (Díorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil faoi chumhdach corrlaigh sa chúlchiste sócmhainní).
|
|
—
|
EILE (Ionstraimí airgeadais fíorleachtacha eile – urrúis, ionstraimí margaidh airgid nó cripteashócmhainní sa chúlchiste sócmhainní).
|
Tuairisceofar rónna difriúla leis an eisitheoir/contrapháirtí céanna do gach cineál táirge.
|
|
0020
|
Ainm an Chontrapháirtí/an Eisitheora
Ainmneacha an fiche eisitheoir nó contrapháirtí is mó fad is atá méid na dtaiscí a taisceadh, na n-ionstraimí a eisíodh nó na risíochtaí ar gach ceann acu cothrom le 3 % ar a laghad den chúlchiste sócmhainní mar a thuairiscítear i ró 0010 de S 03.01. Áireofar ar gach ainm an glacadóir taisce nó eisitheoir na n-ionstraimí nó na heintitis uile a bhfuil dlúthnaisc acu lena chéile maidir leis na risíochtaí sin. Gabhfar sa cholún seo ainm iomlán an eintitis dhlítheanaigh as measc na n-eintiteas sin a bhfuil dlúthnaisc acu leis an risíocht is airde ag an eisitheoir agus áireofar ann aon tagairt do chineál na cuideachta i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí.
Tuairisceofar an ítim is mó i líne 1.01, an dara ceann i líne 1.02, agus mar sin de.
|
|
0030
|
(Cód LEI)
Cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh an chontrapháirtí.
|
|
0040
|
Cineál institiúide
Déanfar eisitheoirí/contrapháirtithe a aicmítear mar institiúid creidmheasa a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) arna dtaifeadadh i gcolún 0020, a thuairisciú trí úsáid a bhaint as na cóid seo a leanas a léirítear le cló trom:
|
—
|
G-SII má ainmnítear an institiúid creidmheasa a fhaigheann an taisce mar “institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi” i gcomhréir le hAirteagal 131(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
|
|
—
|
O-SII má ainmnítear an institiúid creidmheasa a fhaigheann an taisce mar “institiúid eile a bhfuil tábhacht shistéamach léi” i gcomhréir le hAirteagal 131(1) de Threoir 2013/36/AE.
|
|
—
|
Institiúid mhór (seachas G-SII nó O-SII) má cháilíonn an institiúid creidmheasa a fhaigheann an taisce mar “institiúid mhór” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (146), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ach nach sainaithnítear í mar G-SII ná O-SII.
|
|
—
|
Eile (institiúidí rialta agus institiúidí beaga neamhchasta) mura gcáilíonn an institiúid creidmheasa a fhaigheann an taisce mar institiúid mhór mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (146), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
Mura institiúid creidmheasa é an t-eisitheoir/an contrapháirtí, fágfar an réimse seo folamh.
|
|
0050
|
Méid/Margadhluach
Tuairisceofar méid na dtaiscí agus margadhluach na n-urrús agus na ndíorthach anseo agus an sásra leachtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe, lena mbunaítear caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, á chur san áireamh. Ní chuirfear caolchorrlaigh rialála san áireamh sa mhéid/margadhluach. Cuirfidh siad san áireamh na glan-eis-sreafaí agus na glan-insreafaí a mbeadh dúnadh luath an fhálaithe mar thoradh orthu.
|
|
0060
|
mar % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide creidmheasa a fhaigheann taisce
Maidir le taiscí in institiúid creidmheasa a áirítear i gcúlchiste sócmhainní na gcomharthaí céanna dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114, tuairisceofar an méid mar chéatadán de shócmhainní iomlána na hinstitiúide creidmheasa a fhaigheann na taiscí sin. Is éard a bheidh i méid iomlán na sócmhainní na sonraí foilsithe is déanaí atá ar fáil de chuid na hinstitiúide creidmheasa ábhartha.
|
|
z-ais
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
Airgeadra
|
Léireoidh an t-eisitheoir cén t-airgeadra a bhfuil raon feidhme aige i gcomhréir le pointe 20 don teimpléad a chuirtear i láthair.
|
CUID IV: IDIRBHEARTA IN AGHAIDH AN LAE (S 04.01, S 04.02, S 04.03 agus S 04.04)
XI. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 04.01
|
|
20. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
|
|
20.
|
I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad S 04.01 faisnéis maidir le meánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae le linn na tréimhse tuairiscithe, arna gcur i láthair ar leithligh le haghaidh na dtíortha faoi raon feidhme an tuairiscithe.
|
|
|
21. Is mar a leanas a bheidh suíomh an tionscnóra agus an tairbhí a bhfuil baint aige leis na …
|
|
21.
|
Is mar a leanas a bheidh suíomh an tionscnóra agus an tairbhí a bhfuil baint aige leis na hidirbhearta, de réir an chur chuige chun tír na sealbhóirí a shainiú i dteimpléad S 01.00 “Líon na sealbhóirí – ar an dáta tagartha”:
|
(a)
|
i gcás daoine nádúrtha, an áit a bhfuil gnáthchónaí orthu;
|
|
(b)
|
i gcás daoine dlítheanacha, seoladh na hoifige cláraithe.
|
|
|
|
22. Beidh na hidirbhearta sin faoi raon feidhme an teimpléid seo, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar …
|
|
22.
|
Beidh na hidirbhearta sin faoi raon feidhme an teimpléid seo, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na sealbhóirí a bhfuil baint acu leis an idirbheart lonnaithe laistigh den Aontas. Ina theannta sin, nuair a thagraíonn an comhartha d’airgeadra oifigiúil ceann de Bhallstáit an Aontais, áireofar idirbhearta ina bhfuil an dá shealbhóir lena mbaineann lonnaithe lasmuigh den Aontas freisin ar raon feidhme an tuairiscithe.
|
|
|
23. Cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in …
|
|
23.
|
Cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [C(2024) 6910]
|
|
|
24. Áireofar miondealú le haghaidh na n-idirbheart i dTeimpléad S 04.01: (a) ina measc, a rinneadh …
|
|
24.
|
Áireofar miondealú le haghaidh na n-idirbheart i dTeimpléad S 04.01:
|
(a)
|
ina measc, a rinneadh laistigh den tír;
|
|
(b)
|
ina measc, a fuair idirbheart chuig an tír;
|
|
(c)
|
ina measc, a sheol idirbheart ón tír.
|
|
|
|
25. Tuairisceofar teimpléad S 04.01 ar leithligh le haghaidh gach tíre a bhaineann leis an …
|
|
25.
|
Tuairisceofar teimpléad S 04.01 ar leithligh le haghaidh gach tíre a bhaineann leis an idirbheart leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha. Is iad tíortha an idirbhirt tíortha cónaithe na sealbhóirí atá páirteach san idirbheart, lena n-áirítear tír an tionscnóra agus tír thairbhí an idirbhirt.
|
XII. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 04.01
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Idirbhearta in aghaidh an lae – ar an meán
I gcás na tíre arna cinneadh leis an z-ais, idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra nó suíomh an tairbhí laistigh den tír sin.
|
|
0020
|
Ina measc, a rinneadh laistigh den tír
I gcás na tíre a chinntear leis an z-ais, idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra agus suíomh an tairbhí araon laistigh den tír sin.
|
|
0030
|
Ina measc, a fuair idirbheart chuig an tír
I gcás na tíre a chinntear leis an z-ais, idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra lasmuigh den tír sin agus ina bhfuil suíomh an tairbhí laistigh den tír sin.
|
|
0040
|
Ina measc, a sheol idirbheart ón tír
I gcás na tíre a chinntear leis an z-ais, idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra laistigh den tír sin agus ina bhfuil suíomh an tairbhí lasmuigh den tír sin.
|
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Uimhir
Meánlíon na n-idirbheart in aghaidh an lae, arna ríomh mar an líon iomlán idirbheart faoin raon feidhme sa tréimhse tuairiscithe agus é a roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0020
|
Méid
Meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae, arna ríomh mar shuim luachanna na n-idirbheart uile faoi raon feidhme sa tréimhse tuairiscithe agus é a roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
z-ais
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
Ainm na tíre
|
Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh le haghaidh gach tíre atá faoin raon feidhme. Is leis an z-ais a chinntear an tír atá faoi raon feidhme an teimpléid shonraigh. Soláthróidh an z-ais na tíortha éagsúla go léir bunaithe ar shuíomh na sealbhóirí a bhfuil baint acu leis na hidirbhearta faoin raon feidhme.
|
XIII. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 04.02
|
|
26. Is é an t-aon difríocht idir Teimpléid S 04.02 agus Teimpléad S 04.01 go mbaineann Teimpléad S …
|
|
26.
|
Is é an t-aon difríocht idir Teimpléid S 04.02 agus Teimpléad S 04.01 go mbaineann Teimpléad S 04.02 leis na hidirbhearta uile a bhaineann leis an Aontas agus, dá bhrí sin, nach bhfuil an z-ais ann lena gcinntear an tír atá faoin raon feidhme.
|
XIV. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 04.02
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Idirbhearta in aghaidh an lae – ar an meán
Idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra nó suíomh an tairbhí laistigh den Aontas.
|
|
0020
|
An méid díobh a rinneadh laistigh den Aontas
Idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra agus suíomh an tairbhí araon laistigh den Aontas.
|
|
0030
|
Ina measc, a fuair idirbheart chuig an Aontas Eorpach
Idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra lasmuigh den Aontas agus ina bhfuil suíomh an tairbhí laistigh den Aontas.
|
|
0040
|
An méid díobh a sheol idirbheart ón Aontas
Idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra laistigh den Aontas agus ina bhfuil suíomh an tairbhí lasmuigh den Aontas.
|
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Uimhir
Meánlíon na n-idirbheart in aghaidh an lae, arna ríomh mar an líon iomlán idirbheart faoin raon feidhme sa tréimhse tuairiscithe agus é a roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0020
|
Méid
Meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae, arna ríomh mar shuim luachanna na n-idirbheart uile faoi raon feidhme sa tréimhse tuairiscithe agus é a roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
XV. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 04.03
|
|
27. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
|
|
27.
|
I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad S 04.03 faisnéis maidir le meánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart agus na n-aistrithe in aghaidh an lae le linn na tréimhse tuairiscithe. Is éard a bheidh sa raon feidhme le haghaidh na n-idirbheart agus na n-aistrithe sa teimpléad seo na cinn idir tiachóga neamhchoinneála nó idir tiachóga neamhchoinneála agus cineálacha eile seoltaí mórleabhar dáilte a úsáidtear chun críoch socraíochta agus nach bhfuil á rialú ag úsáideoir ná ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
|
XVI. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 04.03
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Idirbhearta idir tiachóga neamhchoinneála in aghaidh an lae – ar an meán
Maidir le hidirbhearta idir tiachóga neamhchoinneála, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910], nó idir tiachóga neamhchoinneála agus cineálacha eile seoltaí mórleabhar dáilte nach bhfuil á rialú ag sealbhóir an chomhartha sócmhainn-tagartha nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, déanfar iad a thuairisciú ar bhonn na hiarrachta is fearr, i bhfianaise na faisnéise teoranta a d’fhéadfadh a bheith ag eisitheoirí ar na hidirbhearta sin agus ar shealbhóirí gaolmhara a bhfuil baint acu leis na hidirbhearta sin.
|
|
0020
|
Idirbhearta idir tiachóga neamhchoinneála in aghaidh an lae – ar an meán
Aistrithe idir tiachóga neamhchoinneála, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910], nó idir tiachóga neamhchoinneála agus cineálacha eile seoltaí mórleabhar dáilte nach bhfuil á rialú ag sealbhóir an chomhartha sócmhainn-tagartha nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
|
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Uimhir
Meánlíon na n-idirbheart (nó na n-aistrithe le haghaidh ró 0020) in aghaidh an lae, arna ríomh mar líon iomlán na n-idirbheart (nó na n-aistrithe le haghaidh ró 0020) faoin raon feidhme sa tréimhse tuairiscithe agus é a roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0020
|
Méid
Meánluach comhiomlán na n-idirbheart (nó na n-aistrithe le haghaidh ró 0020) in aghaidh an lae, arna ríomh mar shuim luachanna na n-idirbheart uile (nó na n-aistrithe le haghaidh ró 0020) faoin raon feidhme sa tréimhse tuairiscithe agus é a roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe. Agus luach na n-idirbheart agus na n-aistrithe faoi raon feidhme an teimpléid seo á ríomh, leanfar an modh luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [C(2024) 6910].
|
XVII. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 4.04
|
|
28. Áireofar i dteimpléad S 04.04 faisnéis maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun meastachán …
|
|
28.
|
Áireofar i dteimpléad S 04.04 faisnéis maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar na luachanna a thuairiscítear i dteimpléad S 04.03.
|
XVIII. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 04.04
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
An mhodheolaíocht a úsáidtear le haghaidh theimpléad S 04.03
Soláthróidh eisitheoirí tuairisc ghairid ar an modheolaíocht a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar na luachanna a thuairiscítear i dteimpléad S 04.03.
|
CUID V IDIRBHEARTA IN AGHAIDH AN LAE A BHAINEANN LE hÚSÁIDÍ MAR MHODH MALARTAITHE LAISTIGH DE LIMISTÉAR AIRGEADRA AONAIR (S 05.00)
XIX. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 05.00
|
|
29. I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad …
|
|
29.
|
I gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114, áireofar le Teimpléad S 05.00 faisnéis faoi mheánlíon agus faoi mheánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae le linn na tréimhse tuairiscithe, a bhaineann leis na húsáidí a bhaintear as comhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe laistigh de limistéar airgeadra aonair.
|
|
|
30. Leanfaidh an teimpléad seo na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
30.
|
Leanfaidh an teimpléad seo na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
|
31. Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh do gach limistéar airgeadra aonair mar a …
|
|
31.
|
Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh do gach limistéar airgeadra aonair mar a shonraítear in Airteagal 3(5) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
XX. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 05.00
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Idirbhearta in aghaidh an lae – ar an meán
Maidir leis an limistéar airgeadra aonair a chinntear leis an z-ais, idirbhearta atá laistigh den limistéar airgeadra aonair sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Uimhir
Meánlíon na n-idirbheart in aghaidh an lae, arna ríomh mar an líon iomlán idirbheart faoin raon feidhme sa tréimhse tuairiscithe agus é a roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
0020
|
Méid
Meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae, arna ríomh mar shuim luachanna na n-idirbheart uile faoin raon feidhme sa tréimhse tuairiscithe agus é a roinnt ar líon na laethanta féilire sa tréimhse tuairiscithe, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
|
z-ais
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
Ainm an limistéir airgeadra aonair
|
Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh do gach limistéar airgeadra aonair atá faoin raon feidhme. Soláthróidh an z-ais na limistéir airgeadra aonair éagsúla uile bunaithe ar shuíomh na sealbhóirí a bhfuil baint acu leis na hidirbhearta faoin raon feidhme, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910].
|
(1) Rialachán Tarmligthe [C(2024) 6910] an 31 Deireadh Fómhair 2024 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (EU) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar líon agus luach na n-idirbheart a bhaineann le húsáidí a bhaintear mar mhodh malartaithe as comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de Bhallstát baile (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910] ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa (nár foilsíodh fós in Iris Ofigiúil) IO L 11, 17.1.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/61/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).
(4) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2902
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|