|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “long” soitheach farraige d’aon chineál a bhíonn ag oibriú sa mhuirthimpeallacht, lena n-áirítear soithí iascaireachta, árthaí áineasa, duillárthaí, feithiclí aerchúisín, tumadóirí agus árthaí ar snámh;
(2)
ciallaíonn “Coinbhinsiún MARPOL” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, ina leagan cothrom le dáta;
(3)
ciallaíonn “dramhaíl ó longa” gach cineál dramhaíola, lena n-áirítear iarmhair lasta, a ghintear le linn do long a bheith i seirbhís nó le linn luchtú, díluchtú agus oibríochtaí glantacháin, agus a thagann laistigh de raon feidhme Iarscríbhinní I, II, IV, V agus VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL mar aon le dramhaíl a iascadh go héighníomhach;
(4)
ciallaíonn “dramhaíl a iascadh go héighníomhach” dramhaíl a bhailítear i líonta le linn oibríochtaí iascaireachta;
(5)
ciallaíonn “iarmhair lasta” fuílleach aon ábhair lasta ar bord atá fágtha ar an deic nó sna boilg nó sna humair tar éis luchtú agus díluchtú, lena n-áirítear luchtú agus díluchtú farasbairr nó doirte, bídís fliuch nó tirim nó leachtiompartha in uisce níocháin, gan an deannach lasta atá fágtha ar an deic tar éis a scuabtha nó an deannach ar dhromchlaí seachtracha na loinge a chur san áireamh;
(6)
ciallaíonn “saoráid glactha calafoirt” aon saoráidatá fosaithe, ar snámh nó gluaisteach agus ar féidir léi an tseirbhís maidir leis an dramhaíl ó longa a ghlacadh a chur ar fáil;
(7)
ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon long atá feistithe nó a úsáidtear ar bhonn tráchtála chun iasc nó acmhainní beo eile ón bhfarraige a ghabháil;
(8)
ciallaíonn “árthach áineasa” long d’aon chineál, ag a bhfuil cabhail atá 2.5 méadar nó níos faide, gan beann ar an modh tiomána, atá beartaithe do chuspóirí spóirt nó áineasa, agus nach mbíonn i mbun trádála;
(9)
ciallaíonn “calafort” áit nó limistéar geografach atá leagtha amach agus feistithe go príomha sa chaoi gur féidir longa a ghlacadh, lena n-áirítear an limistéar ancaireachta laistigh de dhlínse an chalafoirt;
(10)
ciallaíonn “leorthoilleadh stórála” toilleadh leordhóthanach chun an dramhaíl a stóráil ar bord ón bpointe imeachta go dtí an chéad chalafort cuarda eile, lena n-áirítear an dramhaíl ar dócha go nginfear í le linn an aistir;
(11)
ciallaíonn “trácht sceidealaithe” trácht bunaithe ar liosta foilsithe nó pleanáilte de na hamanna imeachta agus sroichte idir calafoirt shainaitheanta nó trasnuithe athfhillteacha arb ionann iad agus sceideal aitheanta;
(12)
ciallaíonn “stadanna calafoirt rialta” turais a dhéanann an long chéanna arís agus arís eile, rud a chruthaíonn patrún leanúnach idir calafoirt shainaitheanta nó sraith aistear ón gcalafort céanna agus go dtí é gan aon stadanna idirmheánacha;
(13)
ciallaíonn “stadanna calafoirt minice” na cuairteanna a thugann long ar an gcalafort céanna a tharlaíonn uair sa choicís ar a laghad;
(14)
ciallaíonn “GISIS” an Córas Comhtháite Domhanda le haghaidh Faisnéis i dtaca leis an Loingseoireacht a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta;
(15)
ciallaíonn “cóireáil” oibríochtaí aisghabhála nó diúscartha, lena n-áirítear ullmhú don aisghabháil nó don diúscairt;
(16)
ciallaíonn “táille indíreach” táille a íoctar as seirbhísí saoráidí glactha calafoirt a sholáthar, beag beann ar sheachadadh iarmhír dramhaíola ó longa. Maidir le “dramhaíl ó longa” dá dtagraítear i bpointe (3), measfar gur dramhaíl de réir bhrí phointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE í. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|