+Airteagal 4 2.

Airteagal 4 2.

Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

go mbeidh sé d’acmhainn ag na saoráidí glactha calafoirt na cineálacha agus na cainníochtaí dramhaíola a ghlacadh ó longa a úsáideann an calafort sin de ghnáth, agus aird á tabhairt:

(i) 

ar riachtanais oibriúcháin úsáideoirí an chalafoirt;

(ii) 

ar mhéid agus ar shuíomh geografach an chalafoirt sin;

(iii) 

ar chineál na long a stadann ag an gcalafort sin: agus

(iv) 

ar na heisceachtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 9;

(b) 

go mbeidh na foirmiúlachtaí agus na socruithe praiticiúla a bhaineann le húsáid na saoráidí glactha calafoirt simplí agus gasta chun nach gcuirfear moill mhíchuí ar longa;

(c) 

nach gcruthófar dídhreasacht do longa na saoráidí glactha calafoirt a úsáid i ngeall ar na táillí seachadta; agus

(d) 

gur féidir leis na saoráidí glactha calafoirt dramhaíl ó longa a bhainistiú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus le dlí ábhartha eile an Aontais maidir le dramhaíl agus leis an dlí náisiúnta maidir le dramhaíl.

Chun críche phointe (d) den chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit bailiúchán ar leithligh d’fhonn athúsáid agus athchúrsáil i dtaca le dramhaíl ó longa i gcalafoirt a éascú, mar a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais maidir le dramhaíl, go háirithe Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), Treoir 2008/98/CE agus Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ). Chun an bealach a réiteach don phróiseas seo, féadfaidh saoráidí glactha calafoirt codáin dramhaíola ar leithligh a bhailiú i gcomhréir le catagóirí dramhaíola a shainmhínítear i gCoinbhinsiún MARPOL, ag cur san áireamh treoirlínte an Choinbhinsiúin sin.

Beidh feidhm ag pointe (d) den chéad fhomhír gan dochar do na ceanglais níos déine a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 maidir le bainistiú dramhaíola lónadóireachta ó iompar idirnáisiúnta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.