+Airteagal 5 Taispeáintí
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.

Airteagal 5 Taispeáintí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Soláthróidh díoltóir córais príomhthaispeáint nó príomhthaispeáintí i gcomhair gach idirbhirt ar leith trína CAR agus áireoidh sé ann na sonraí arna soláthar ag iompróirí rannpháirteacha i slí neodrach agus chuimsitheach agus gan idirdhealú ná gan chlaontacht. Ní bhunófar na critéir a úsáidtear i gcomhair tosaíochta ar aon fhachtóir a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le céannacht iompróra agus cuirfear i bhfeidhm iad ar shlí neamh-idirdhealaitheach maidir le gach iompróir rannpháirteach. Ní chuirfidh an príomhthaispeáint nó na príomhthaispeáintí an t-úsáideoir ar mhíthreoir, beidh rochtain orthu go héasca agus urramófar na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 5 2.
I gcás faisnéise arna soláthar ag CAR don tomhaltóir, úsáidfidh sínitheoir taispeáint neodrach i gcomhréir le mír 1 mura mbeidh taispeáint eile ag teastáil chun rogha an tomhaltóra a shásamh.
Airteagal 5 3.
Ní foláir eitiltí arna n-oibriú ag aeriompróirí atá faoi réir coisc ar a n-oibriú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra ( 1 ) a shainaithint go soiléir agus go sonrach ar an taispeáint.
Airteagal 5 4.
Tabharfaidh an díoltóir córais siombail shonrach isteach ar thaispeáint an CAR a bheidh inaitheanta ag na húsáideoirí chun críocha na faisnéise ar chéannacht an aeriompróra oibríochta dá bhforáiltear faoi Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.
Airteagal 5 5.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le CAR arna úsáid ag aeriompróir, nó ag oibreoir iompair ar iarnród, nó ag grúpa aeriompróirí, nó ag grúpa oibreoirí iompair ar iarnród, ina n-oifig nó ina n-oifigí féin nó ag na cuntair díolacháin nó ar a láithreáin ghréasáin féin agus a bheidh sainaitheanta go soiléir amhlaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0080
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.