+Airteagal 7 Sonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (“MIDT”)
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
|
Airteagal 7 Sonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (“MIDT”)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Féadfaidh na díoltóirí córais aon sonraí ar mhargaíocht, áirithintí agus díolacháin a chur ar fáil ar choinníoll go dtairgtear sonraí den sórt sin leis an tráthúlacht chéanna agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do na hiompróirí rannpháirteacha go léir, agus dá máthair-iompróirí. Féadfaidh na sonraí baint a bheith acu leis na hiompróirí rannpháirteacha go léir agus/nó na sínitheoirí go léir agus, arna iarraidh sin, beidh baint acu leo.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Ní bhainfidh iompróirí rannpháirteacha úsáid as sonraí den sórt sin chun tionchar a imirt ar rogha an tsínitheora.
|
|
Airteagal 7 3.
|
I gcás ina n-eascraíonn sonraí den sórt sin as an úsáid a bhaineann sínitheoir atá bunaithe sa Chomhphobal as saoráidí dáileacháin CAR, ní áireofar ann aon shonraí lena n-aitheanfaí go díreach ná go hindíreach an sínitheoir sin mura n-aontaíonn an sínitheoir agus an díoltóir córais ar na coinníollacha maidir le húsáid iomchuí sonraí den sórt sin. Tá feidhm aige seo freisin maidir le sonraí den sórt seo a chuireann díoltóirí córais ar fáil do pháirtí eile lena n-úsáid ag an bpáirtí sin seachas le haghaidh socraíochta billeála.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Cuirfear ar fáil don phobal aon socrú nó socruithe idir sínitheoir nó sínitheoirí agus díoltóir córais nó díoltóirí córais maidir leis an MIDT.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0080
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|