+Airteagal 10 Rialacha sonracha maidir le máthair-iompróirí
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
|
Airteagal 10 Rialacha sonracha maidir le máthair-iompróirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Ní fhéadfaidh máthair-iompróir, faoi réir an chómhalartaithe dá dtagraítear i mír 2, idirdhealú a dhéanamh in aghaidh CAR atá in iomaíocht leis trí dhiúltú, arna iarraidh sin dó agus le tráthúlacht chomhionann, na sonraí céanna a sholáthar maidir le sceidil, táillí agus infhaighteacht a bhaineann lena tháirgí iompair féin agus a sholáthraíonn sé dá CAR féin a sholáthar nó a tháirgí iompair a dháileadh trí CAR eile, nó trí dhiúltú áirithint arna déanamh trí CAR atá in iomaíocht leis a ghlacadh ná a dhaingniú leis an tráthúlacht chéanna d’aon cheann dá tháirgí iompair agus a dháiltear trína CAR féin. Beidh sé d’oibleagáid ar an máthair-iompróir na háirithintí sin amháin atá ar comhréir lena tháillí agus lena choinníollacha a ghlacadh agus a dhaingniú.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Ní dhiúltóidh CAR atá in iomaíocht leis sonraí maidir le hamchláir, táillí agus suíocháin infhaighte a stóráil i ndáil le seirbhísí iompair arna dtairscint ag máthair-iompróir agus lódálfaidh agus próiseálfaidh sé sonraí leis an gcúram céanna agus leis an tráthúlacht chéanna a chuirtear ar fáil dá chustaiméirí agus dá shínitheoirí eile ar aon cheann de na margaí, faoi réir na srianta sin amháin a bhaineann leis an modh lódála arna roghnú ag na hiompróirí aonair.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an máthair-iompróir glacadh le haon chostas i ndáil leis sin, ach amháin i gcás athsholáthar na sonraí a bheidh le soláthar agus i gcás áirithintí atá glactha. Beidh an táille áirithinte, a bheidh iníoctha le CAR, maidir le háirithint atá glactha agus a rinneadh i gcomhréir le mír 1, ar comhréir leis an táille a ghearrfaidh an CAR céanna ar iompróirí rannpháirteacha eile maidir le hidirbhearta coibhéiseacha.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Ní dhéanfaidh máthair-iompróir, go díreach ná go hindíreach, idirdhealú i bhfabhar a CAR féin tríd an úsáid a bhaineann sínitheoir as aon chóras shonrach CAR a nascadh le haon choimisiún nó le haon dreasacht nó dídhreasacht eile chun a tháirgí iompair a dhíol.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Ní dhéanfaidh máthair-iompróir, go díreach ná go hindíreach, idirdhealú i bhfabhar a CAR féin trína cheangal go mbeidh ar shínitheoir CAR sonrach a úsáid i gcomhair ticéid a dhíol nó a eisiúint maidir le haon táirgí iompair arna soláthar ag an máthair-iompróir go díreach nó go hindíreach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0080
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|