12. I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar an líon suntasach iarrataí ar fud an Aontais a bhaineann le hathúsáid sonraí neamhphearsanta i dtríú tíortha sonracha, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhaítear gur fíor an méid seo a leanas maidir le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe tríú tír:
|
(a)
|
áirithítear cosaint maoine intleachtúla agus rúin trádála ar bhealach atá coibhéiseach go bunúsach leis an gcosaint a áirithítear faoi dhlí an Aontais;
|
|
(b)
|
tá siad á gcur i bhfeidhm agus á bhforfheidhmiú go héifeachtach; agus
|
|
(c)
|
tugtar leigheas breithiúnach éifeachtach.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).