+Airteagal 26 Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis inniúla
---+Airteagal 26 1
---+Airteagal 26 2
---+Airteagal 26 3
---+Airteagal 26 4
---+Airteagal 26 5
---+Airteagal 26 6
|
Airteagal 26 Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1
|
1. Beidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí leithleach o thaobh an dlí de, agus beidh siad ag feidhmiú go neamhspleách ar aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí. Feidhmeanna na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, féadfaidh an t-údarás céanna iad a dhéanamh. Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú chun na gcríoch sin nó dul i dtuilleamaí eintitis atá ann cheana.
|
|
Airteagal 26 2
|
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a gcuid cúraimí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach, comhsheasmhach, iontaofa agus tráthúil. I gcás ina bhfeidhmeoidh siad a gcúraimí, déanfaidh siad iomaíocht chóir agus neamh-idirdhealú a choimirciú.
|
|
Airteagal 26 3
|
3. Maidir leis an ardbhainistíocht agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí ábhartha na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí a dhéanamh, ní bheidh siad ina ndearthóir, ina monaróir, ina soláthraí, ina suiteálaí, ina gceannaitheoir, ina n-úinéir, ina n-úsáideoir ná ina gcothabhálaí ar na seirbhísí a ndéanann siad meastóireacht orthu, ná ina n-ionadaí údaraithe thar ceann aon cheann de na páirtithe sin. Ní chuirfidh sé sin cosc ar úsáid a bhaint as seirbhísí a bhfuil meastóireacht déanta orthu, seirbhísí is gá chun oibríochtaí an údaráis inniúil inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí nó úsáid a bhaint as seirbhísí den sórt sin chun críoch pearsanta.
|
|
Airteagal 26 4
|
4. Ní bheidh ardbhainistíocht ná pearsanra na n-údarás inniúil inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí meastóireachta a shanntar dóibh.
|
|
Airteagal 26 5
|
5. Beidh fáil ag na húdaráis inniúla inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ar na hacmhainní airgeadais agus ar na daon-acmhainní leordhóthanacha chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích, lena n-áirítear an t-eolas teicniúil agus na hacmhainní is gá.
|
|
Airteagal 26 6
|
6. Tabharfaidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí i mBallstáit an fhaisnéis don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí ó Bhallstáit eile, arna hiarraidh sin go réasúnaithe agus gan mhoill, an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás ina measfaidh údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí gur faisnéis rúnda an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála agus ghairmiúil, déanfaidh an Coimisiún agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí nó aon údarás eile lena mbaineann atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí an rúndacht sin a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.06.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0868
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|