1. Beidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí leithleach o thaobh an dlí de, agus beidh siad ag feidhmiú go neamhspleách ar aon soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí. Feidhmeanna na n-údarás inniúil le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na n-údarás atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, féadfaidh an t-údarás céanna iad a dhéanamh. Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú chun na gcríoch sin nó dul i dtuilleamaí eintitis atá ann cheana.