1. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí gach beart réasúnta teicniúil, dlíthiúil agus eagraíochtúil, lena n-áirítear socruithe conarthacha, chun aistriú idirnáisiúnta sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas nó rochtain rialtais orthu a chosc i gcás ina mbeadh an t-aistriú nó an rochtain sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 ná 3.