2. Aon chinneadh nó breithiúnas ó chúirt nó ó bhinse tríú tír agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tír lena gceanglaítear ar chomhlacht earnála poiblí, duine nádúrtha nó dlítheanach dár deonaíodh an ceart chun sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí nó eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain a thabhairt orthu faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní dhéanfar iad a aithint ná a fhorfheidhmiú ar chaoi ar bith ach amháin má tá siad bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú den sórt sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.