5. An comhlacht earnála poiblí, an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dár deonaíodh an ceart sonraí a athúsáid faoi Chaibidil II, an soláthraí seirbhísí idirghabhála sonraí agus an eagraíocht aitheanta altrúchais sonraí, cuirfidh siad an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi iarraidh ó údarás riaracháin tríú tír ar rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh siad an iarraidh sin, seachas i gcás ina bhfónann an iarraidh sin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chomh fada is gá sin chun éifeachtacht ghníomhaíocht fhorfheidhmiú an dlí a chaomhnú.