|
5.
|
Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil in aer comhthimpeallach
An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil a shampláil. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14902:2005 Standard method for measurement of Pb/Cd/As/Ni in the PM10 fraction of suspended particulate matter.(‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar Pb, Cd, As agus Ni i gcodán PM10 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh’], sin é an modh tagartha chun arsanaic, cadmiam, luaidhe agus nicil in aer comhthimpeallach a thomhas.
|