+IARSCRÍBHINN VI Modhanna tagartha chun measúnú a dhéanamh ar thiúchain in aer comhthimpeallach agus ar rátaí deascaidh
---+1. Modh tagartha chun dé-ocsaíd sulfair a thomhas in aer comhthimpeallach An modh a bhfuil tuairisc …
---+2. Modh tagartha chun dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine a thomhas in aer comhthimpeallach …
---+3. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar PM 10 in aer comhthimpeallach An modh a …
---+4. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar PM 2,5 in aer comhthimpeallach An modh a …
---+5. Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil in …
---+6. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar bheinséin in aer comhthimpeallach An modh …
---+7. Modh tagartha chun aonocsaíd charbóin a thomhas in aer comhthimpeallach An modh a bhfuil …
---+8. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha …
---+9. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar mhearcair gásach iomlán in aer …
---+10. Modh tagartha chun sampláil agus anailís a dhéanamh ar an deascadh d’arsanaic, de chaidmiam, de …
---+11. Modh tagartha chun tomhas a dhéanamh ar ózón in aer comhthimpeallach An modh a bhfuil tuairisc …
---+12. Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar charbón eiliminteach agus ar charbón …
---+13. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar NO 3 - , SO 4 2- , Cl - , NH 4 + , Na + …
---+14. Modhanna chun comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ar substaintí réamhtheachtaithe ózóin iad …
---+1. Féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as aon mhodh eile a bhfuil sé in ann a léiriú go dtugtar …
---+2. Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar na Ballstáit tuarascáil a ullmhú agus a chur faoina …
---+3. Agus measúnú á dhéanamh ar inghlacthacht na tuarascála dá dtagraítear i bpointe 2, déanfaidh an …
---+4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an ceartú i bhfeidhm go cúlghabhálach freisin, nuair is …

IARSCRÍBHINN VI Modhanna tagartha chun measúnú a dhéanamh ar thiúchain in aer comhthimpeallach agus ar rátaí deascaidh

IARSCRÍBHINN VI

Modhanna tagartha chun measúnú a dhéanamh ar thiúchain in aer comhthimpeallach agus ar rátaí deascaidh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
1. Modh tagartha chun dé-ocsaíd sulfair a thomhas in aer comhthimpeallach An modh a bhfuil tuairisc …

1.

Modh tagartha chun dé-ocsaíd sulfair a thomhas in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14212:2012 Ambient air — Standard method for the measurement of the concentration of sulphur dioxide by ultraviolet fluorescence (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an tiúchan dé-ocsaíde sulfair a thomhas trí fhluaraiseacht ultraivialaite’], sin é an modh tagartha chun dé-ocsaíd sulfair in aer comhthimpeallach a thomhas.

2. Modh tagartha chun dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine a thomhas in aer comhthimpeallach …

2.

Modh tagartha chun dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine a thomhas in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14211:2012 Ambient air — Standard method for the measurement of the concentration of nitrogen dioxide and nitrogen monoxide by chemiluminescence (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an tiúchan dé-ocsaíde nítrigine agus aonocsaíde nítrigine a thomhas trí cheimealonracht’], sin é an modh tagartha chun dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine in aer comhthimpeallach a thomhas.

3. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar PM 10 in aer comhthimpeallach An modh a …

3.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar PM10 in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun PM10 in aer comhthimpeallach a shampláil agus a thomhas.

4. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar PM 2,5 in aer comhthimpeallach An modh a …

4.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar PM2,5 in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun PM2,5 in aer comhthimpeallach a shampláil agus a thomhas.

5. Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil in …

5.

Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil a shampláil. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14902:2005 Standard method for measurement of Pb/Cd/As/Ni in the PM10 fraction of suspended particulate matter.(‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar Pb, Cd, As agus Ni i gcodán PM10 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh’], sin é an modh tagartha chun arsanaic, cadmiam, luaidhe agus nicil in aer comhthimpeallach a thomhas.

6. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar bheinséin in aer comhthimpeallach An modh …

6.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar bheinséin in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14662, cuid 1 (2005), cuid 2 (2005) agus cuid 3 (2016) ‘ Ambient air quality — Standard method for measurement of benzene concentrations ’ (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar thiúchain bheinséine’], sin é an modh tagartha chun beinséin in aer comhthimpeallach a shampláil agus a thomhas.

7. Modh tagartha chun aonocsaíd charbóin a thomhas in aer comhthimpeallach An modh a bhfuil …

7.

Modh tagartha chun aonocsaíd charbóin a thomhas in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14626:2012 Ambient air — Standard method for the measurement of the concentration of carbon monoxide by non-dispersive infrared spectroscopy (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar an tiúchan d’aonocsaíd charbóin trí speictreascópacht infridhearg neamhscaipthe’], sin é an modh tagartha chun aonocsaíd charbóin in aer comhthimpeallach a thomhas.

8. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha …

8.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter [‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha a shampláil in aer comhthimpeallach. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15549:2008 ‘ Air quality — Standard method for the measurement of the concentration of benzo[a]pyrene in ambient air ’ (‘Aercháilíocht— Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar an tiúchan beinsi[a]piréine in aer comhthimpeallach’], sin é an modh tagartha chun beinsi[a]piréin a thomhas in aer comhthimpeallach. In éagmais mhodh caighdeánach EN le haghaidh na hidreacarbón il-timthriallach aramatach eile dá dtagraítear in Airteagal 9(8), ceadaítear do na Ballstáit úsáid a bhaint as modhanna caighdeánacha náisiúnta nó modhanna ISO amhail caighdeán ISO 12884.

9. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar mhearcair gásach iomlán in aer …

9.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar mhearcair gásach iomlán in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15852:2010 ‘ Ambient air quality — Standard method for the determination of total gaseous mercury ’ (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an mearcair gásach iomlán a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun tomhas a dhéanamh ar thiúchain de mhearcair gásach iomlán in aer comhthimpeallach.

10. Modh tagartha chun sampláil agus anailís a dhéanamh ar an deascadh d’arsanaic, de chaidmiam, de …

10.

Modh tagartha chun sampláil agus anailís a dhéanamh ar an deascadh d’arsanaic, de chaidmiam, de luaidhe, de nicil, de mhearcair agus de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15841:2009 Ambient air quality — Standard method for determination of arsenic, cadmium, lead and nickel in atmospheric deposition (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun arsanaic, cadmiam, luaidhe agus nicil sa deascadh atmaisféarach a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh d’arsanaic, de chaidmiam, de luaidhe agus de nicil a chinneadh.

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15853:2010 ‘ Ambient air quality — Standard method for determination of mercury deposition ’ (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an deascadh de mhearcair a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh de mhearcair a chinneadh.

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15980:2011 ‘ Air quality — Determination of the deposition of benz[a]anthracene, benzo[b]fluoranthene, benzo[j]fluoranthene, benzo[k]fluoranthene, benzo[a]pyrene, dibenz[a,h]anthracene and indeno[1,2,3-cd]pyrene ’ (‘Aercháilíocht — An deascadh de bheansantraicéin, de bheinsea[b]fluaraintéin, de bheinsea[j]fluaraintéin, de bheinsea[k]fluaraintéin, de bheinsi[a]piréin, de débheans[a,h]antraicéin agus d’indéini[1,2,3-cd]piréin a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh de bheinsi[a]piréin agus de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 9(8) a chinneadh.

11. Modh tagartha chun tomhas a dhéanamh ar ózón in aer comhthimpeallach An modh a bhfuil tuairisc …

11.

Modh tagartha chun tomhas a dhéanamh ar ózón in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14625:2012 Ambient air — Standard method for the measurement of the concentration of ozone by ultraviolet photometry (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar an tiúchan ózóin trí fhótaiméadracht ultraivialait’], sin é an modh tagartha chun ózón in aer comhthimpeallach a thomhas.

12. Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar charbón eiliminteach agus ar charbón …

12.

Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar charbón eiliminteach agus ar charbón orgánach in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun carbón eiliminteach agus carbón orgánach a shampláil. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 16909:2017 Ambient air — Measurement of elemental carbon (EC) and organic carbon (OC) collected on filters (‘Aer comhthimpeallach — Tomhas a dhéanamh ar charbón eiliminteach (EC) agus ar charbón orgánach (OC) a bhailítear ar scagairí’], sin é an modh tagartha chun carbón eiliminteach agus carbón orgánach in aer comhthimpeallach in aer comhthimpeallach a thomhas.

13. Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar NO 3 - , SO 4 2- , Cl - , NH 4 + , Na + …

13.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 a shampláil. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 16913:2017 Ambient air — Standard method for measurement of NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 as deposited on filters (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 a shil-leagtar ar scagairí’], sin an modh tagartha chun NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 in aer comhthimpeallach a thomhas.

14. Modhanna chun comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ar substaintí réamhtheachtaithe ózóin iad …

14.

Modhanna chun comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ar substaintí réamhtheachtaithe ózóin iad, meatán, UFP, BC, a shampláil agus a thomhas, dáileadh méide cáithníní sármhíne, amóinia, mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach, aigéad nítreach, léiveaglúcósán agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh

In éagmais mhodh caighdeánach EN chun comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ar substaintí réamhtheachtaithe ózóin iad, meatán, UFP, BC, a shampláil agus a thomhas, dáileadh méide cáithníní sármhíne, amóinia, mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach, aigéad nítreach, léiveaglúcósán agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh, féadfaidh na Ballstáit na modhanna samplála agus tomhais a úsáideann siad a roghnú, i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus na cuspóirí tomhais, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach i Roinn 3, Pointe A, agus Roinn 4, Pointe A, d’Iarscríbhinn VII á gcur san áireamh, de réir mar is infheidhme. I gcás ina bhfuil modhanna tomhais tagartha caighdeánacha idirnáisiúnta, EN nó modhanna tomhais tagartha caighdeánacha náisiúnta nó sonraíochtaí teicniúla CEN ar fáil, féadfar iad a úsáid.

B.   Léiriú coibhéise

1. Féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as aon mhodh eile a bhfuil sé in ann a léiriú go dtugtar …

1.

Féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as aon mhodh eile a bhfuil sé in ann a léiriú go dtugtar torthaí leis atá coibhéiseach le haon cheann de na modhanna tagartha dá dtagraítear i bPointe A den Iarscríbhinn seo nó, i gcás ábhar cáithníneach, aon mhodh eile a bhfuil an Ballstát lena mbaineann in ann a léiriú go bhfuil gaol comhsheasmhach aige leis an modh tagartha, amhail modh tomhais uathoibríoch a chomhlíonann na ceanglais i gcaighdeán EN 16450:2017 ‘Ambient air - Automated measuring systems for the measurement of the concentration of particulate matter (PM10; PM2,5)’ (‘Aer comhthimpeallach — Córais uathoibrithe tomhais chun tiúchan ábhar cáithníneach a thomhas (PM10; PM2,5)’]. Sa chás sin, déanfar na torthaí a bhaintear amach leis an modh eile sin a cheartú chun torthaí a chur ar fáil atá coibhéiseach leis na torthaí a bhainfí amach trí úsáid a bhaint as an modh tagartha.
2. Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar na Ballstáit tuarascáil a ullmhú agus a chur faoina …

2.

Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar na Ballstáit tuarascáil a ullmhú agus a chur faoina bhráid maidir leis an léiriú coibhéise i gcomhréir le pointe 1.
3. Agus measúnú á dhéanamh ar inghlacthacht na tuarascála dá dtagraítear i bpointe 2, déanfaidh an …

3.

Agus measúnú á dhéanamh ar inghlacthacht na tuarascála dá dtagraítear i bpointe 2, déanfaidh an Coimisiún tagairt don treoraíocht uaidh maidir leis an léiriú coibhéise. I gcás ina raibh fachtóirí eatramhacha á n-úsáid chun an choibhéis a neasú, déanfar an neaschoibhéis a dhearbhú nó a leasú faoi threoir na treoraíochta sin.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an ceartú i bhfeidhm go cúlghabhálach freisin, nuair is …

4.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an ceartú i bhfeidhm go cúlghabhálach freisin, nuair is iomchuí, maidir le sonraí tomhais ón am a chuaigh thart chun inchomparáideacht níos fearr idir sonraí a bhaint amach.

C.   Caighdeánú

Maidir le truailleáin ghásacha, déanfar an toirt a chaighdeánú ag teocht 293 K agus brú atmaisféarach 101,3 kPa. Maidir le hábhar cáithníneach agus substaintí atá le hanailísiú in ábhar cáithníneach (lena n-áirítear arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil agus beinsi[a]piréin), tagraíonn an toirt shamplála do dhálaí comhthimpeallacha i dtéarmaí teochta agus brú atmaisféaraigh ar dháta na dtomhas.

D.   Sonraí a aithint go frithpháirteach

Le linn dóibh a léiriú go bhfuil an trealamh i gcomhréir leis na ceanglais feidhmíochta maidir leis na modhanna tagartha a liostaítear i bPointe A den Iarscríbhinn seo, glacfaidh na húdaráis agus comhlachtaí inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 5 le tuarascálacha tástála arna n-eisiúint i mBallstáit ar choinníoll go ndéanfar na saotharlanna tástála a chreidiúnú leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha maidir le saotharlanna tástála agus calabrúcháin.

Beidh na tuarascálacha mionsonraithe tástála agus torthaí uile na dtástálacha ar fáil d’údaráis inniúla eile nó dá gcomhlachtaí ainmnithe. Léireofar sna tuarascálacha tástála go gcomhlíonann an trealamh na ceanglais feidhmíochta go léir, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann roinnt dálaí comhshaoil agus láithreáin go sonrach le Ballstát agus go bhfuil siad lasmuigh de na dálaí ar ina leith a tástáladh agus a cineálcheadaíodh an trealamh cheana i mBallstát eile.

E.   Feidhmchláir samhaltaithe thagartha maidir le cáilíocht an aeir

In éagmais chaighdeán EN maidir le cuspóirí cáilíochta samhaltaithe, féadfaidh na Ballstáit na feidhmchláir samhaltaithe a úsáideann siad a roghnú, i gcomhréir le Pointe F d’Iarscríbhinn V.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.