5. Is ar phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ar a ionadaí dlíthiúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 17 a dhíreoidh an t-údarás inniúil an t-ordú baint anuas.
Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-ordú baint anuas a tharchur chuig an bpointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 15(1) go leictreonach ar bhealach lena bhféadfar taifead i scríbhinn a tháirgeadh de shórt a fhágann gur féidir fíordheimhniú an tseoltóra a shuí, lena n-áirítear cruinneas dháta agus am seolta agus fála an ordaithe.