9. Beidh ordú baint anuas críochnaitheach ar dhul in éag an sprioc-ama le haghaidh achomhairc i gcás nár cuireadh achomharc isteach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó i gcás ina ndaingneofar é tar éis achomhairc.
Nuair a bheidh an t-ordú baint anuas críochnaitheach, déanfaidh an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 12(1), a chur ar an eolas faoin méid sin.