3. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe, ar a thionscnamh féin, laistigh de 72 uair an chloig tar éis dó an chóip den ordú baint anuas a fháil i gcomhréir le mír 1, grinnscrúdú a dhéanamh ar an ordú baint anuas chun a chinneadh an sáraíonn sé an Rialachán seo go mór nó go follasach nó an bhfuil aon sáruithe tromchúiseacha nó follasacha ar na cearta bunúsacha agus ar na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt i gceist leis.
I gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil sárú ann, glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe chuige sin laistigh den tréimhse chéanna.