4. Beidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhísí óstála agus soláthraithe ábhair, laistigh de 48 n-uaire an chloig ó ordú baint anuas nó faisnéis a fháil de bhun Airteagal 11(2), iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an soláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe chun grinnscrúdú a dhéanamh ar an ordú baint anuas amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo.
Déanfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de 72 uair an chloig tar éis dó an iarraidh a fháil, cinneadh réasúnaithe a ghlacadh, tar éis do grinnscrúdú a dhéanamh ar an ordú baint anuas, ina leagfar amach a chinntí i dtaobh an bhfuil sárú ann nó nach bhfuil.