6. I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe cinneadh réasúnaithe a ghlacadh i gcomhréir le mír 3 nó 4 den Airteagal seo, cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl gan mhoill don údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas, don soláthraí seirbhísí óstála, don soláthraí ábhair a d’iarr an grinnscrúdú de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus, i gcomhréir le hAirteagal 14, do Europol. I gcás ina léirítear leis an gcinneadh sárú de bhun mhíreanna 3 nó 4 den Airteagal seo, scoirfidh an t-ordú baint anuas d’éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige.