5. Tar éis don soláthraí seirbhísí óstála an cinneadh amhail dá dtagraítear i mír 4 nó, i gcás inarb ábhartha, i mír 6 a fháil, tuairisceoidh sé don údarás inniúil maidir leis na bearta sonracha atá déanta aige agus a bhfuil sé ar intinn aige a dhéanamh chun an ceanglas a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh. Déanfaidh sé sin laistigh de 3 mhí ón gcinneadh a fháil agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin. Tiocfaidh deireadh leis an oibleagáid sin a luaithe a chinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis iarraidh a fháil de bhun mhír 7, nach bhfuil an soláthraí seirbhísí neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta a thuilleadh.