1. Na soláthraithe seirbhísí óstála a bhfuil ordú baint anuas arna eisiúint de bhun Airteagal 3(1) nó cinneadh de bhun Airteagal 4(4), nó de bhun Airteagal 5(4), (6) nó (7) faighte acu, beidh sé de cheart acu leigheas éifeachtach a fháil. Áireofar leis an gceart sin an ceart chun agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas agus an ceart chun agóid a dhéanamh ar an gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) nó de bhun Airteagal 5(4), (6) nó (7), os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúil a rinne an cinneadh.