2. Beidh sé de cheart ag soláthraithe ábhair, ar baineadh anuas ábhar leo nó ar díchumasaíodh an rochtain ar ábhar leo i ndiaidh ordú baint anuas, leigheas éifeachtach a fháil. Áireofar leis an gceart sin an ceart chun agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas arna eisiúint de bhun Airteagal 3(1) os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúla a d’eisigh an t-ordú baint anuas agus an ceart chun agóid a dhéanamh ar an gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúla a rinne an cinneadh.