2. San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sonrófar teangacha oifigiúla institiúidí an Aontais, amhail dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1/58 (15), inar féidir teagmháil a dhéanamh leis an bpointe teagmhála agus ina bhfuil na malartuithe breise le déanamh i ndáil leis na horduithe baint anuas de bhun Airteagal 3. Áireofar ar na teangacha sin, teanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil bunaithe.