2. Faoin 7 Meitheamh 2023, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. Leagfar amach sa chlár faireacháin na táscairí agus na modhanna lena ndéanfar na sonraí agus an fhianaise eile is gá a bhailiú agus na tréimhsí chun sin a dhéanamh. Sonrófar sa chlár sin na bearta atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus an fhianaise eile a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo de bhun Airteagal 23.