+Airteagal 11 Oibleagáidí ginearálta allmhaireoirí
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
|
Airteagal 11 Oibleagáidí ginearálta allmhaireoirí
Oibleagáidí ginearálta allmhaireoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach innill chomhréireacha a bhfuil cineálcheadú AE faighte acu.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Áiritheoidh allmhaireoirí, sula ndéanfaidh siad inneall a fuair cineálcheadú AE a chur ar an margadh, an méid seo a leanas:
(a)
go mbeidh deimhniú chineálcheadú AE, mar aon lena cheangaltáin amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(1), ar fáil;
(b)
go mbeidh an mharcáil reachtúil, dá dtagraítear in Airteagal 32, ar an inneall;
(c)
go gcomhlíontar Airteagal 8(5) leis an inneall.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis inneall a chur ar margadh, déanfaidh allmhaireoirí, i gcás inarb infheidhme, cóip den ráiteas comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a choinneáil ar fáil do na húdaráis cheadúcháin agus faireachais margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar deimhniú chineálcheadú AE mar aon lena cheangaltáin amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a n-ainm cláraithe trádála nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur ar an inneall, nó i gcás bhfuil sé sin indéanta, i ndoiciméad a ghabhann leis an inneall.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Áiritheoidh na hallmhaireoirí go mbeidh an fhaisnéis agus na treoracha dá dtagraítear in Airteagal 43 ag gabháil leis an inneall.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Áiritheoidh allmhaireoirí, a fhad is a bhíonn siad freagrach as inneall, nach ndéanfar, le coinníollacha stórála nó iompair, comhlíonadh an innill sin leis an gCaibidil seo nó le Caibidil III a chur i mbaol.
|
|
Airteagal 11 7.
|
Cuirfidh allmhaireoirí ar fáil d'údarás náisiúnta iarrthach, arna iarraidh sin dóibh go réasúnaithe, an fhaisnéis uile agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht innill a léiriú. Beidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i dteanga a bheidh éasca don údarás náisiúnta iarrthach a thuiscint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.07.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1628
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|