+Airteagal 53 Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.

Airteagal 53 Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla

Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1.
Tabharfaidh seirbhísí teicniúla faoi na catagóirí gníomhaíochtaí dár ainmníodh iad thar ceann an údaráis cheadúchain ag ainmniú agus i gcomhréir leis an measúnú agus na nósanna imeachta tástála dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann leis.

Déanfaidh seirbhísí teicniúla maoirseacht ar na tástálacha is gá don chineálcheadú AE nó d'iniúchtaí a leagtar amach sa Rialachán seo nó i gceann amháin de na gníomhartha tarmligthe nó de na gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann leis, nó déanfaidh siad féin iad, mura gceadaítear nósanna imeachta malartacha.

Ní dhéanfaidh na seirbhísí teicniúla tástálacha, measúnuithe ná iniúchtaí nach ndearnadh iad a ainmniú ina leith.

Airteagal 53 2.

Déanfaidh seirbhísí teicniúla na nithe seo a leanas i gcónaí:

(a) 

cead a thabhairt don údarás ceadúcháin ainmniúcháin breathnú orthu ag déanamh a le linn an mheasúnuithe má mheasann na t-údarás sin gur cuí sin; agus

(b) 

gan dochar d'Airteagal 45(9) agus d'Airteagal 54, cibé faisnéis a iarrtar orthu maidir leis na catagóirí gníomhaíochtaí a dhéanann siad agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a sholáthar don údarás ceadúcháin ainmniúcháin.

Airteagal 53 3.
I gcás ina bhfionnann seirbhís theicniúil nár chomhlíon monaróir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh sí sin a thuairisciú don údarás ceadúcháin ainmniúcháin a chuirfidh de cheangal ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh.

Ní eiseoidh an t-údarás ceadúcháin ainmniúcháin deimhniú ar chineálcheadú AE go dtí go mbeidh na bearta ceartaitheacha iomchuí déanta ag an monaróir chun sástacht an údaráis ceadúcháin sin.

Airteagal 53 4.
Nuair a fhaigheann seirbhís theicniúil, ag feidhmiú thar ceann an údaráis cheadúcháin ag ainmniú, amach le linn faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht an táirgthe i ndiaidh deimhniú ar chineálcheadú AE a eisiúint, nach gcomhlíonann cineál innill nó aicme innill an Rialachán sin a thuilleadh, cuirfidh sí é in iúl don údarás ceadúcháin ainmniúcháin.

Déanfaidh an t-údarás ceadúcháin na bearta cuí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.07.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1628
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.