+Airteagal 57 Pionóis
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
|
Airteagal 57 Pionóis
Pionóis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis i leith sárú arna dhéanamh ag oibreoirí eacnamaíocha nó OEManna ar an Rialachán seo agus ar na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo ag. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 7 Deireadh Fómhair 2018. agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear do na forálacha sin. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis chun feidhme.
|
|
Airteagal 57 2.
|
Áireofar ar na sáruithe atá faoi réir pionóis:
(a)
ráitis bhréige a dhéanamh, go háirithe i rith nósanna imeachta cineál cheadaithe AE, na nósanna imeachta a dtagann athghairm dá mbarr nó na nósanna imeachta a bhaineann le díolúintí;
(b)
torthaí tástála i ndáil le cineálcheadú AE nó i ndáil leis an bhfaireachán ar innill inseirbhíse a bhréagnú;
(c)
dálaí nó sonraí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh athghairm, diúltú nó tarraingt siar inneall, nó diúltú nó tarraingt siar cineálcheadaithe AE teacht dá bharr;
(d)
straitéisí uathmhaolaithe a úsáid;
(e)
rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú;
(f)
innill atá faoi réir chineálcheadú AE a chur ar an margadh gan chineálcheadú AE nó doiciméid nó marcanna reachtúla a bhréagnú le hintinn déanamh amhlaidh;
(g)
inneall idirthréimhse agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina suiteáiltear innill den sórt sin a chur ar an margadh, de shárú ar na forálacha maidir le díolúine;
(h)
srianta úsáide a leagtar amach in Airteagal 35(3) agus (4), a shárú;
(i)
inneall a chur ar an margadh a modhnaíodh i gcaoi nach bhfuil sé i gcomhréir le sonraíochtaí a chineálcheadaithe AE a thuilleadh;
(j)
inneall a shuiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcomhair úsáid nach í an úsáid eisiach dá bhforáiltear in Airteagal 4 í;
(k)
inneall sainchuspóra a chur ar an margadh faoi Airteagal 34(5) nó (6) le húsáid in innealra seachas an t-innealra a ndearnadh foráil dó sna míreanna sin;
(l)
inneall a chur ar an margadh faoi Airteagal 34(7) nó (8) agus Airteagal 58(9), (10) nó (11) le húsáid in innealra seachas an t- innealra a ndearnadh foráil dó sna míreanna sin;
(m)
innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh ina bhfuil innill suiteáilte atá faoi réir cineálcheadaithe AE faoin Rialachán seo, gan cheadú den sórt sin;
(n)
innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh ar innealra é a sháraíonn srian maidir leis an innealra soghluaiste a leagtar amach in Airteagal 34(8).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.07.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1628
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|