+Airteagal 8 Gníomhaíocht cheartaitheach
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Gníomhaíocht cheartaitheach
Gníomhaíocht cheartaitheach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus á chur san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a)
míniú mionsonraithe ar an bhfáth nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag an mBallstát sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh;
(b)
measúnú ar an gcaoi ar thacaigh cistiú ón Aontas le hiarrachtaí an Bhallstáit sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige an cistiú sin a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh chun iad a bhaint amach;
(c)
gníomhaíochtaí breise, lena gcomhlánaítear plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit sin de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 nó lena dtreisítear a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad atá le cur chun feidhme chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, trí bheartais agus bearta náisiúnta agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme, lena ngabhfaidh measúnú mionsonraithe, a bhfuil sonraí cainníochtúla mar bhonn taca leis, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, maidir leis na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá beartaithe mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin;
(d)
clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas.
I gcás ina bhfuil comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta bunaithe ag Ballstát, féadfaidh sé a chomhairle a lorg chun na gníomhaíochtaí riachtanacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a shainaithint.
|
|
Airteagal 8 2.
|
I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de 4 mhí ón tráth a gheobhaidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar an tuairim ón gCoimisiún nó ar chuid shuntasach di, soláthróidh an Ballstát sin réasúnú don Choimisiún.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Déanfaidh gach Ballstát a phlean gníomhaíochta ceartaithí dá dtagraítear i mír 1 agus aon réasúnú dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil go poiblí. Cuirfidh an Coimisiún a thuairim dá dtagraítear i mír 3 ar fáil go poiblí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.05.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R0842
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|