+Airteagal 6 Conradh
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6 Conradh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Beidh loingsithe dramhaíola a bhfuil fógra ag teastáil ina leith faoi réir an cheanglais chun conradh a thabhairt i gcrích idir an fógróir agus an coinsíní maidir le haisghabháil nó diúscairt na dramhaíola. Murab é an coinsíní oibreoir na saoráide chun an dramhaíl faoina dtugtar fógra a aisghabháil nó a dhiúscairt, síneoidh oibreoir na saoráide an conradh freisin.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Tabharfar an conradh dá dtagraítear i mír 1 i gcrích agus beidh éifeacht leis tráth an fhógra agus leanfaidh sé d’éifeacht a bheith leis ar feadh fhad an loingsithe go dtí go n-eiseofar deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 15(5), Airteagal 16(6), nó, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 15(4). Beidh an conradh comhsheasmhach leis an doiciméad fógartha comhfhreagrach agus leis an doiciméad gluaiseachta agus is é a bheidh ann ar a laghad faisnéis faoin bhfógróir, faoin gcoinsíní agus faoin tsaoráid, céannacht na ndaoine a dhéanann ionadaíocht ar gach páirtí, uimhir an fhógra, ainmniú agus comhdhéanamh na dramhaíola, na cóid sainaitheanta dramhaíola, cainníocht na dramhaíola a chumhdaítear leis an gconradh, an oibríocht aisghabhála nó diúscartha agus tréimhse bhailíochta an chonartha.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Áireofar na hoibleagáidí seo a leanas sa chonradh:
(a)
ar an bhfógróir an dramhaíl a ghlacadh ar ais nó, i gcás inarb infheidhme, a áirithiú go ndéanfar í a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach, i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) nó (3), más rud é nár cuireadh an loingsiú nó an aisghabháil nó an diúscairt i gcrích mar a bhí beartaithe nó más loingsiú neamhdhleathach an loingsiú;
(b)
ar an gcoinsíní an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 25(8), más loingsiú neamhdhleathach an loingsiú;
(c)
ar an tsaoráid ina ndéantar dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt, deimhniú a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16(6), go ndearnadh an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt, i gcomhréir leis na toilithe arna dtabhairt don fhógra sin, leis na coinníollacha a ghabhann leis na toilithe sin agus leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 6 4.
|
I gcás ina bhfuil an dramhaíl beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach, áireofar na hoibleagáidí breise seo a leanas sa chonradh:
(a)
ar an tsaoráid, i gcomhréir le hAirteagal 15(4) agus, i gcás inarb iomchuí, le hAirteagal 15(5), an deimhniú nó na deimhnithe a sholáthar ón tsaoráid nó ó na saoráidí a dhéanann na hoibríochtaí aisghabhála nó diúscartha neamheatramhaí, go ndearnadh an dramhaíl go léir a fuarthas i gcomhréir leis na toilithe arna dtabhairt don fhógra sin, leis na coinníollacha a ghabhann leis na toilithe sin agus leis an Rialacháin seo a aisghabháil nó a dhiúscairt, agus, i gcás inar féidir, cainníocht agus cineál na dramhaíola a chumhdaítear le gach deimhniú á sonrú aici;
(b)
ar an gcoinsíní, i gcás inarb infheidhme, fógra a chur faoi bhráid údarás inniúil bunaidh na tíre seolta bunaidh i gcomhréir le hAirteagal 15(8).
|
|
Airteagal 6 5.
|
I gcás ina ndéantar an dramhaíl a loingsiú idir dhá bhunaíocht faoi rialú an eintitis dhlítheanaigh chéanna, féadfar dearbhú ón eintiteas dlítheanach sin a chur in ionad an chonartha dá dtagraítear i mír 1. Cumhdófar na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 3 leis an dearbhú sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1157
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|