+Airteagal 11 Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite le haghaidh institiúidí faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.

Airteagal 11 Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite le haghaidh institiúidí faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Chun faisnéis airgeadais a thuairisciú ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 430(3) nó (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach ar bhonn comhdhlúite mar a shonraítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn V.
Airteagal 11 2.

Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

(a) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 1, le minicíocht ráithiúil;

(b) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 3, le minicíocht leathbhliantúil;

(c) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 4, seachas an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad 47, le minicíocht bhliantúil;

(d) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2, teimpléad 20, le minicíocht ráithiúil i gcás ina dtéann an institiúid thar an tairseach a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 5(5);

(e) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2, teimpléad 21, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil na sócmhainní inláimhsithe atá faoi réir léasanna oibriúcháin mar a chéile le 10 % de na sócmhainní inláimhsithe iomlána, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Cuid 1, teimpléad 1.1;

(f) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2, teimpléad 22, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil an ghlantáille agus an t-ioncam coimisiúin mar a chéile le 10 % de shuim na glantáille agus an ioncaim coimisiúin agus an ghlanioncaim úis, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Cuid 1, teimpléad 2;

(g) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2, teimpléid 23 go 26, le minicíocht ráithiúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

nach institiúid bheag agus neamhchasta í an institiúid;

(ii) 

gur 5 %, nó níos mó ná sin, atá sa chóimheas idir suim ghlanluacha chomhlán na n-iasachtaí agus na n-airleacan a thagann faoi Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus suim ghlanluacha chomhlán iomlán na n-iasachtaí agus na n-airleacan a thagann faoi Airteagal 47a(1) den Rialachán sin;

(h) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 4, teimpléad 47, le minicíocht bhliantúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo.

Chun críoch phointe (g)(ii), ní áireofar sa chóimheas iasachtaí agus airleacain a aicmítear mar iasachtaí agus airleacain atá á sealbhú lena ndíol, airgead ar láimh ag bainc cheannais ná taiscí éilimh eile san ainmneoir ná san uimhreoir.

Chun críocha phointí (d) agus (h) den mhír seo, beidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_GA -

    EULAW_GA