+RIALACHÁN (AE) Uimh. 1227/2011Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar, raon feidhme agus gaolmhaireacht le reachtaíocht eile an Aontais
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
------+Airteagal 1 3.
------+Airteagal 1 4.
------+Airteagal 1 5.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Trádáil chos istigh a thoirmeasc
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
------+Airteagal 3 5.
------+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 4 Oibleagáid faisnéis chos istigh a fhoilsiú
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 4a.
------+Airteagal 4 5.
------+Airteagal 4 6.
------+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4a Ardáin faisnéis cos istigh a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu
---+Airteagal 5 Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc
---+Airteagal 5a Trádáil algartamach
------+Airteagal 5a 1.
------+Airteagal 5a 2.
------+Airteagal 5a 3.
------+Airteagal 5a 4.
---+Airteagal 6 Nuashonrú teicniúil a dhéanamh ar na sainmhínithe ar fhaisnéis chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 7 Faireachán a dhéanamh ar an margadh
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7a Cúraimí agus cumhachtaí na Gníomhaireachta maidir le measúnuithe ar phraghas GNL a dhéanamh agus maidir le tagarmharcanna GNL
------+Airteagal 7a 1.
------+Airteagal 7a 2.
---+Airteagal 7b Measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharcanna GNL a fhoilsiú
------+Airteagal 7b 1.
------+Airteagal 7b 2.
---+Airteagal 7c Sonraí margaidh GNL a sholáthar don Ghníomhaireacht
------+Airteagal 7c 1.
------+Airteagal 7c 2.
------+Airteagal 7c 3.
---+Airteagal 7d Cáilíocht na sonraí margaidh GNL
------+Airteagal 7d 1.
------+Airteagal 7d 2.
------+Airteagal 7d 3.
---+Airteagal 7e Leanúnachas gnó
---+Airteagal 8 Sonraí a bhailiú
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 1a.
------+Airteagal 8 1b.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
------+Airteagal 8 4.
------+Airteagal 8 5.
------+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 9 Rannpháirtithe margaidh a chlárú
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
------+Airteagal 9 4.
------+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9a Údarú agus maoirseacht sásraí tuairiscithe cláraithe
---+Airteagal 10 Faisnéis a chomhroinnt idir an Ghníomhaireacht agus údaráis eile
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
------+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 11 Cosaint sonraí
---+Airteagal 12 Iontaofacht oibríochtúil
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 13 Toirmisc a chur chun feidhme i gcoinne droch-úsáide margaidh
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
------+Airteagal 13 3.
------+Airteagal 13 4.
------+Airteagal 13 5.
------+Airteagal 13 6.
------+Airteagal 13 7.
------+Airteagal 13 8.
------+Airteagal 13 9.
------+Airteagal 13 10.
------+Airteagal 13 11.
------+Airteagal 13 12.
---+Airteagal 13a Cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Ghníomhaireacht
------+Airteagal 13a 1.
------+Airteagal 13a 2.
------+Airteagal 13a 3.
------+Airteagal 13a 4.
------+Airteagal 13a 5.
------+Airteagal 13a 6.
------+Airteagal 13a 7.
------+Airteagal 13a 8.
------+Airteagal 13a 9.
------+Airteagal 13a 10.
---+Airteagal 13b Iarraidh ar fhaisnéis
------+Airteagal 13b 1.
------+Airteagal 13b 2.
------+Airteagal 13b 3.
------+Airteagal 13b 4.
------+Airteagal 13b 5.
------+Airteagal 13b 6.
---+Airteagal 13c An chumhacht chun ráitis a ghlacadh
------+Airteagal 13c 1.
------+Airteagal 13c 2.
---+Airteagal 13d Coimircí nós imeachta
------+Airteagal 13d 1.
------+Airteagal 13d 2.
------+Airteagal 13d 3.
------+Airteagal 13d 4.
---+Airteagal 13e Cúnamh frithpháirteach
---+Airteagal 13f An t-oifigeach imscrúdúcháin
------+Airteagal 13f 1.
------+Airteagal 13f 2.
---+Airteagal 13g Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
------+Airteagal 13g 1.
------+Airteagal 13g 2.
------+Airteagal 13g 3.
------+Airteagal 13g 4.
------+Airteagal 13g 5.
---+Airteagal 13h Coimircí nós imeachta i ndáil le cinntí maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
------+Airteagal 13h 1.
------+Airteagal 13h 2.
---+Airteagal 13i Cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
------+Airteagal 13i 1.
------+Airteagal 13i 2.
------+Airteagal 13i 3.
---+Airteagal 13j Athbhreithniú arna dhéanamh ag an gCúirt Bhreithiúnais
---+Airteagal 14 Ceart achomhairc
---+Airteagal 15 Oibleagáidí ar dhaoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
------+Airteagal 15 4.
------+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 16 Comhar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 16 3.
------+Airteagal 16 4.
------+Airteagal 16 5.
------+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16a Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean
------+Airteagal 16a 1.
------+Airteagal 16a 2.
------+Airteagal 16a 3.
------+Airteagal 16a 4.
------+Airteagal 16a 5.
---+Airteagal 16b Treoirlínte agus moltaí
------+Airteagal 16b 1.
------+Airteagal 16b 2.
------+Airteagal 16b 3.
------+Airteagal 16b 4.
------+Airteagal 16b 5.
------+Airteagal 16b 6.
------+Airteagal 16b 7.
---+Airteagal 17 Rúndacht ghairmiúil
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
------+Airteagal 17 4.
------+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 18 Pionóis
------+Airteagal 18 1.
------+Airteagal 18 2.
------+Airteagal 18 3.
------+Airteagal 18 4.
------+Airteagal 18 5.
------+Airteagal 18 6.
------+Airteagal 18 7.
------+Airteagal 18 8.
------+Airteagal 18 9.
---+Airteagal 19 Caidreamh idirnáisiúnta
---+Airteagal 20 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 20 3.
------+Airteagal 20 4.
------+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 21 An nós imeachta coiste
------+Airteagal 21 1.
------+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21a Tuairisciú agus athbhreithniú
------+Airteagal 21a 1.
------+Airteagal 21a 2.
---+Airteagal 22 Teacht i bhfeidhm
---+RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN
---+RÁITEAS ÓN gCOMHAIRLE
English - European Union - Energy -

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1227/2011Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1227/2011Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2011

maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar, raon feidhme agus gaolmhaireacht le reachtaíocht eile an Aontais
Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “faisnéis chos istigh” faisnéis de chineál beacht nár poiblíodh, a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó agus, dá bpoibleofaí í, ar dóigh di difear suntasach a dhéanamh do phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh sin.

Chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn “faisnéis”:

(a) 

faisnéis a cheanglaítear a phoibliú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus le ►M1  Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ◄ , lena n-áirítear treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin;

(b) 

faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí i ndáil le táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur ►M2  leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ , nó faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus le húsáid saoráidí LNG, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin;

▼M1

(c) 

faisnéis a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlíthiúla nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le rialacha margaidh agus i gcomhréir le conarthaí nó gnáis ar an margadh mórdhíola fuinnimh ábhartha, sa mhéid gur dóigh don fhaisnéis sin éifeacht shuntasach a bheith aici ar phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh;

▼M1

(ca) 

faisnéis arna cur in iúl ag rannpháirtí margaidh, nó ag daoine eile atá ag gníomhú thar ceann an rannpháirtí margaidh, do sholáthraí seirbhíse a dhéanann trádáil thar ceann an rannpháirtí margaidh agus a bhaineann le horduithe an rannpháirtí margaidh atá ar feitheamh ó thaobh táirgí mórdhíola fuinnimh, ar de chineál beacht í agus a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó; agus

▼B

(d) 

faisnéis eile ar dóigh do rannpháirtí réasúnach margaidh í a úsáid mar chuid den bhunús dá chinneadh chun idirbheart a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh nó chun ordú a eisiúint chun trádáil a dhéanamh i dtáirge mórdhíola fuinnimh.

▼M1

Measfar gur de chineál beacht faisnéis má léirítear léi gurb ann do shraith imthosca nó go bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go dtiocfadh ann don tsraith imthosca sin, nó gurb ann do theagmhas a tharla nó go bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go dtarlódh sé, agus má tá an fhaisnéis sin sonrach go leor le go bhféadfar teacht ar chonclúid faoin éifeacht fhéideartha a bheadh ag an tsraith imthosca sin nó ag an teagmhas sin ar phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh. Féadfar a mheas gur de chineál beacht faisnéis má bhaineann sí le próiseas fadtréimhseach, ar próiseas é lena bhfuil sé beartaithe imthosca nó teagmhas ar leith a thuismiú, nó a n-eascraíonn imthosca nó teagmhas ar leith as, lena n-áirítear imthosca nó teagmhas a bheidh ann amach anseo, agus má bhaineann sí freisin le céimeanna idirmheánacha an phróisis sin atá nasctha leis na himthosca sin nó an teagmhas sin a bheidh ann amach anseo a thuismiú nó a n-eascraíonn na himthosca sin nó an teagmhas sin astu.

Measfar gur faisnéis cos istigh í céim idirmheánach i bpróiseas fadtréimhseach más rud é go gcomhlíonann sí, aisti féin, critéir na faisnéise cos istigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre den phointe seo, measfar go bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag faisnéis leis an táirge mórdhíola fuinnimh más rud é go bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar éileamh, soláthar nó praghsanna táirge mórdhíola fuinnimh, nó ar ionchais éilimh, soláthair nó praghsanna táirge mórdhíola fuinnimh.

Chun críocha na chéad fhomhíre den phointe seo, ciallaíonn faisnéis ar dhócha, dá gcuirfí ar fáil go poiblí í, go mbeadh tionchar nach beag aici ar phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh sin faisnéis ar dhócha go mbainfeadh rannpháirtí margaidh réasúnach úsáid aisti mar chuid den bhonn lena chinneadh nó lena cinneadh i ndáil le trádáil táirgí mórdhíola fuinnimh;

(2) 

ciallaíonn “cúbláil margaidh”:

(a) 

aon idirbheart a dhéanamh, nó aon ordú chun trádáil a dhéanamh, a eisiúint, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó gabháil d’aon iompraíocht eile a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh:

(i) 

lena ndéantar, nó ar dóigh dó nó di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(ii) 

lena ndéantar, nó ar dóigh dó nó di, trí ghníomhaíocht duine, nó trí ghníomhaíocht daoine i gcomhar le chéile, an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó a shocrú ar leibhéal saorga, mura rud é go suíonn an duine a rinne an t-idirbheart nó a d’eisigh an t-ordú chun trádáil a dhéanamh go bhfuil cúiseanna dlisteanacha aige le déanamh amhlaidh agus go bhfuil idirbheart nó ordú chun trádáil den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais mhargaidh a nglactar leo ar an margadh mórdhíola fuinnimh lena mbaineann; nó

(iii) 

lena n-úsáidtear seift shamhailteach nó aon chineál eile meabhlaireachta nó saorgachta, ar ní é lena ndéantar, nó ar dóigh dó, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(b) 

faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear ar an idirlíon, nó trí mhodhanna ar bith eile, ar faisnéis í lena ndéantar, nó ar dóigh di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu, lena n-áirítear ráflaí agus scéala bréagach nó míthreorach a scaipeadh, i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip í, nó inar cheart dó fios a bheith aige, gurbh fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí inti.

Nuair a dhéantar faisnéis a scaipeadh chun críoch iriseoireachta nó léirithe ealaíne, déanfar measúnú ar an scaipeadh faisnéise sin agus na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh i meáin eile á gcur san áireamh, ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

faigheann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis as scaipeadh na faisnéise atá i dtrácht; nó

(ii) 

déantar an nochtadh nó an scaipeadh le hintinn an margadh a chur ar míthreoir maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh orthu nó leis an bpraghas atá orthu;

nó

(c) 

faisnéis atá bréagach nó míthreorach a tharchur nó ionchur atá bréagach nó míthreorach a sholáthar i ndáil le tagarmharc i gcás ina raibh a fhios ag an duine a rinne an tarchur nó a sholáthair an t-ionchur, nó inar cheart dó fios a bheith aige, go raibh sí nó sé bréagach nó míthreorach, nó gabháil d’aon iompraíocht eile a mbíonn cúbláil ar ríomh tagarmhairc mar thoradh uirthi.

Féadfaidh cúbláil margaidh iompar duine dhlítheanaigh a ainmniú, nó, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, iompar duine nádúrtha a ainmniú a ghlacann páirt sa chinneadh gníomhaíochtaí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.

▼B

(3) 

ciallaíonn “iarracht chun an margadh a chúbláil”:

(a) 

aon idirbheart a dhéanamh, aon ordú a eisiúint chun trádáil a dhéanamh, nó aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh le hintinn na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(ii) 

a áirithiú go gcuirfeadh duine nó daoine atá ag gníomhú i gcomhar lena chéile faoi deara go mbeadh an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó ar leibhéal saorga, nó féachaint le déanamh amhlaidh, mura rud é go suíonn an duine a rinne na hidirbhearta nó a d'eisigh na horduithe chun trádáil a dhéanamh go bhfuil cúiseanna dlisteanacha aige chun déanamh amhlaidh agus go bhfuil na hidirbhearta sin nó na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais mhargaidh a nglactar leo ar an margadh mórdhíola fuinnimh lena mbaineann; nó

(iii) 

seift shamhailteach nó aon chineál eile meabhlaireachta nó saorgachta a úsáid, ar ní é ar dóigh dó comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

nó

(b) 

faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear an t-idirlíon, nó ar aon mhodh eile le hintinn comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(4) 

ciallaíonn “táirgí mórdhíola fuinnimh” na conarthaí agus na díorthaigh seo a leanas, gan spleáchas don áit agus don dóigh ina dtrádáiltear iad:

▼M1

(a) 

conarthaí maidir le soláthar ►M2  leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ , lena n-áirítear GNL, i gcás ina seachadtar san Aontas é, nó conarthaí maidir le soláthar leictreachais arb é an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu seachadadh san Aontas mar thoradh ar chúpláil aonair lá roimh ré agus cúpláil aonair ionlae;

(b) 

díorthaigh a bhaineann le ►M2  leictreachas, hidrigin nó gás nádúrtha  ◄ a tháirgtear, a thrádáiltear nó a sheachadtar san Aontas, nó díorthaigh a bhaineann le leictreachas arb é an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu seachadadh san Aontas mar thoradh ar chúpláil aonair lá roimh ré agus cúpláil aonair ionlae;

▼B

(c) 

conarthaí a bhaineann le ►M2  leictreachas, hidrigin nó gás nádúrtha ◄ a iompar san Aontas;

(d) 

díorthaigh a bhaineann le ►M2  leictreachas, hidrigin nó gás nádúrtha ◄ a iompar san Aontas;

▼M1

(e) 

conarthaí a bhaineann le ►M2  leictreachas, hidrigin nó gás nádúrtha ◄ a stóráil san Aontas;

(f) 

díorthaigh a bhaineann le ►M2  leictreachas, hidrigin nó gás nádúrtha ◄ a stóráil san Aontas;

▼B

Ní táirgí mórdhíola fuinnimh iad conarthaí maidir le ►M2  leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ a sholáthar agus a dháileadh lena n-úsáid ag custaiméirí deiridh. Maidir le conarthaí chun ►M2  leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha  ◄ a sholáthar do chustaiméirí deiridh, agus a dháileadh orthu, áfach, ar custaiméirí iad ag a bhfuil acmhainneacht tomhaltas ►M2  leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ is mó ná an tairseach a leagtar amach sa dara mír de phointe (5), déileálfar leo mar tháirgí mórdhíola fuinnimh;

(5) 

ciallaíonn “acmhainneacht tomhaltais” tomhaltas ►M2  leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ custaiméara deiridh agus lánúsáid á baint as acmhainneacht táirgeachta an chustaiméara sin. Cuimsítear leis tomhaltas uile an chustaiméara sin mar eintiteas eacnamaíoch aonair, sa mhéid go dtarlaíonn an tomhaltas ar mhargaí ag a bhfuil praghsanna mórdhíola idirghaolmhara.

Chun críocha an tsainmhínithe seo, ní dhéanfar an tomhaltas i ngléasraí ar leithligh atá faoi rialú eintitis eacnamaíoch aonair, agus ag a bhfuil acmhainneacht tomhaltais is lú ná 600 GWh in aghaidh na bliana, a chur san áireamh sa mhéid nach bhfuil tionchar comhpháirteach ag na gléasraí sin ar phraghsanna an mhargaidh mórdhíola fuinnimh mar gheall ar an ábhar go bhfuil siad suite i margaí éagsúla geografacha ábhartha;

(6) 

ciallaíonn “margadh mórdhíola fuinnimh” aon mhargadh laistigh den Aontas ar a ndéantar trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh;

▼M1

(7) 

ciallaíonn “rannpháirtí margaidh” aon duine, lena n-áirítear oibreoirí córas tarchurtha, oibreoirí córas dáileacháin, oibreoirí córas stórála agus oibreoirí córas GNL, a dhéanann idirbhearta, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, i margadh mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó;

▼B

(8) 

ciallaíonn “duine” aon duine nádúrtha nó dlítheanach;

▼M1

(8a) 

“ciallaíonn “duine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil” duine a bhíonn ag gabháil go gairmiúil do ghlacadh agus tarchur orduithe le haghaidh táirgí mórdhíola fuinnimh nó d”fhorghníomhú idirbheart le haghaidh táirgí mórdhíola fuinnimh;

▼B

(9) 

ciallaíonn “údarás airgeadais inniúil” údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in ►M1  Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ◄ ;

(10) 

ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2009/72/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas ( 6 ) nó i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha ( 7 );

(11) 

tá le “oibreoir córas tarchurtha” an bhrí atá leagtha amach i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE agus i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

▼M1

(11a) 

ciallaíonn “oibreoir córas dáileacháin” oibreoir córas dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir 2009/73/CE agus in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2019/944;

(11b) 

ciallaíonn “oibreoir córas stórála” oibreoir córas stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2009/73/CE nó oibreoir “saoráide stórála fuinnimh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (60), de Threoir (AE) 2019/944;

(11c) 

ciallaíonn “oibreoir córas GNL” oibreoir córas GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir 2009/73/CE;

▼B

(12) 

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 arna fothú ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais chomhdhlúite ( 8 );

(13) 

ciallaíonn “gnóthas gaolmhar” fochuideachta nó gnóthas eile ina sealbhaítear rannpháirtíocht, nó gnóthas atá nasctha le gnóthas eile trí bhíthin gaolmhaireachta de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE;

(14) 

tá le “dáileadh gáis nádúrtha” an bhrí a leagtar amach i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(15) 

tá le “dáileadh leictreachais” an bhrí a leagtar amach i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE;

▼M1

(16) 

ciallaíonn “sásra tuairiscithe cláraithe” duine dlítheanach atá údaraithe de bhun an Rialacháin seo chun mionsonraí idirbheart, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, agus sonraí bunúsacha a thuairisciú don Ghníomhaireacht, nó chun an tseirbhís a sholáthar arb é atá inti mionsonraí idirbheart den sórt sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht, thar a cheann féin nó thar ceann rannpháirtithe margaidh;

(17) 

ciallaíonn “ardán faisnéis cos istigh” nó “IIP” duine atá údaraithe de bhun an Rialacháin seo chun an tseirbhís a sholáthar arb é atá inti ardán a oibriú chun faisnéis cos istigh a nochtadh agus chun faisnéis nochta chos istigh a thuairisciú don Ghníomhaireacht thar ceann rannpháirtithe margaidh;

(18) 

ciallaíonn “trádáil algartamach” trádáil, lena n-áirítear trádáil ardmhinicíochta, i dtáirgí mórdhíola fuinnimh i gcás ina gcinntear go huathoibríoch le halgartam ríomhaire paraiméadair aonair orduithe chun trádáil a dhéanamh, amhail cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ordú a thionscnamh, an t-uainiú, praghas nó méid an ordaithe nó conas an t-ordú a bhainistiú tar éis a thíolactha, agus idirghabháil dhaonna theoranta a dhéanamh nó gan idirghabháil dhaonna ar bith, ar trádáil í nach gcuimsítear léi aon chóras nach n-úsáidtear ach amháin chun orduithe a ródú chuig ionaid mhargaidh eagraithe amháin nó níos mó, nó chun orduithe a phróiseáil nach mbaineann aon chinneadh paraiméadar trádála leo nó chun orduithe a dheimhniú nó chun próiseáil iarthrádála a dhéanamh ar na hidirbhearta a forghníomhaíodh;

(19) 

ciallaíonn “rochtain leictreonach dhíreach” socrú trína gceadaíonn comhalta, rannpháirtí nó cliant de chuid ionaid mhargaidh eagraithe do dhuine eile a chód trádála a úsáid ionas gur féidir leis an duine orduithe chun trádáil a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh a tharchur go leictreonach go díreach chuig an ionad margaidh eagraithe, lena n-áirítear socruithe a mbíonn i gceist leo go n-úsáideann duine bonneagar teicneolaíochta faisnéise an chomhalta, an rannpháirtí nó an chliaint, nó aon chóras cónaisc a sholáthraíonn an comhalta, an rannpháirtí nó an cliant, chun na horduithe chun trádáil a dhéanamh a tharchur (rochtain dhíreach ar an margadh) agus socruithe nach n-úsáideann duine bonneagar den sórt sin iontu (rochtain urraithe);

(20) 

ciallaíonn “ionad margaidh eagraithe” ’ malartán fuinnimh, bróicéir fuinnimh, ardán acmhainneachta fuinnimh nó aon chóras nó saoráid eile ina mbíonn iliomad leasanna ceannaigh nó díola tríú páirtithe táirgí mórdhíola fuinnimh ag idirghníomhú ar bhealach a bhféadfadh idirbheart a bheith mar thoradh air;

(21) 

ciallaíonn “leabhar orduithe” na mionsonraí uile maidir le horduithe táirgí mórdhíola fuinnimh a fhorghníomhaítear ar ionaid mhargaidh eagraithe, lena n-áirítear orduithe meaitseáilte agus orduithe neamh-mheaitseáilte chomh maith le horduithe arna nginiúint ag córas agus teagmhais saolré;

(22) 

ciallaíonn “tagarmharc” innéacs mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 3, de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), ar trí thagairt dó a chinntear an méid is iníoctha faoi tháirge mórdhíola fuinnimh, nó faoi chonradh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh, nó luach táirge mórdhíola fuinnimh;

(23) 

ciallaíonn “trádáil GNL” tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó idirbhearta, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar thar an gcuntar nó in ionad margaidh eagraithe, ach gan a bheith teoranta dóibh, chun GNL a cheannach nó a dhíol:

(a) 

lena sonraítear seachadadh san Aontas;

(b) 

a mbíonn seachadadh san Aontas mar thoradh orthu; nó

(c) 

ina ndéanann contrapháirtí amháin GNL a athghású ag críochfort san Aontas;

(24) 

ciallaíonn “sonraí margaidh GNL” taifid ar thairiscintí ceannaigh, ar thairiscintí díola nó ar idirbhearta maidir le trádáil GNL le faisnéis chomhfhreagrach;

(25) 

ciallaíonn “rannpháirtí margaidh GNL” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar áit chorpraithe nó áit sainchónaithe an duine sin, a ghabhann do thrádáil GNL;

(26) 

ciallaíonn “measúnú ar phraghsanna GNL” praghas tagartha laethúil le haghaidh trádáil GNL a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht arna bunú ag an nGníomhaireacht;

(27) 

ciallaíonn “tagarmharc GNL” raon difríochta a chinneadh idir an measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh Thodhchaíochtaí Gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil.

▼B

Airteagal 3 Trádáil chos istigh a thoirmeasc
Airteagal 4 Oibleagáid faisnéis chos istigh a fhoilsiú
Airteagal 4a Ardáin faisnéis cos istigh a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

Airteagal 4a

Ardáin faisnéis cos istigh a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

8.  

Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na modhanna trína bhfuil IIP leis an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le faisnéis cos istigh a chur ar fáil go poiblí a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo;

(b) 

inneachar agus aon mhionsonraí ábhartha breise den fhaisnéis cos istigh arna cur ar fáil go poiblí de bhun mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo ar bhealach ina bhféadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal seo a fhoilsiú;

(c) 

na ceanglais eagraíochtúla shonracha maidir le mír 5 den Airteagal seo a chur chun feidhme;

(d) 

na mionsonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun údarú IIP a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo;

(e) 

na coimircí nós imeachta dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo;

(f) 

na mionsonraí a bhaineann le próiseas an ionadaithe ordúil dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo;

(g) 

na socruithe mionsonraithe chun rannpháirtithe margaidh a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú IIP a tharraingt siar.

Airteagal 5 Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc

Airteagal 5

Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc

Déanfar aon rannpháirtíocht i gcúbláil mhargaidh, nó aon iarracht a dhéanamh chun gabháil le rannpháirtíocht den sórt sin, ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a thoirmeasc.

Airteagal 5a Trádáil algartamach
Airteagal 6 Nuashonrú teicniúil a dhéanamh ar na sainmhínithe ar fhaisnéis chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh
Airteagal 7 Faireachán a dhéanamh ar an margadh
Airteagal 7a Cúraimí agus cumhachtaí na Gníomhaireachta maidir le measúnuithe ar phraghas GNL a dhéanamh agus maidir le tagarmharcanna GNL
Airteagal 7b Measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharcanna GNL a fhoilsiú
Airteagal 7c Sonraí margaidh GNL a sholáthar don Ghníomhaireacht
Airteagal 7d Cáilíocht na sonraí margaidh GNL
Airteagal 7e Leanúnachas gnó

Airteagal 7e

Leanúnachas gnó

Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú tráthrialta ar a measúnú uaithi ar phraghsanna tagartha GNL agus an mhodheolaíocht uaithi maidir leis an tagarmharc GNL, chomh maith leis an modheolaíocht a úsáidtear chun sonraí margaidh GNL a thuairisciú agus chun na measúnuithe uaithi ar phraghsanna GNL agus na tagarmharcanna GNL uaithi a fhoilsiú, agus déanfaidh sí iad a nuashonrú agus fhoilsiú go tráthrialta, agus tuairimí rannchuiditheoirí sonraí margaidh GNL á gcur san áireamh.

Airteagal 8 Sonraí a bhailiú
Airteagal 9 Rannpháirtithe margaidh a chlárú
Airteagal 9a Údarú agus maoirseacht sásraí tuairiscithe cláraithe

Airteagal 9a

Údarú agus maoirseacht sásraí tuairiscithe cláraithe

6.  

Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na modhanna trína bhfuil sásra tuairiscithe cláraithe leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(b) 

na ceanglais eagraíochtúla shonracha chun míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme;

(c) 

na mionsonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun údarú sásra tuairiscithe chláraithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a tharraingt siar;

(d) 

na coimircí nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;

(e) 

na mionsonraí a bhaineann le próiseas an ionadaithe ordúil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo;

(f) 

na socruithe mionsonraithe chun rannpháirtithe margaidh a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú sásra tuairiscithe chláraithe a tharraingt siar.

Airteagal 10 Faisnéis a chomhroinnt idir an Ghníomhaireacht agus údaráis eile
Airteagal 11 Cosaint sonraí

Airteagal 11

Cosaint sonraí

Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin ( 12 ) nó d’oibleagáidí na Gníomhaireachta, nuair atá a cuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aici i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann sí ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin ( 13 ).

Airteagal 12 Iontaofacht oibríochtúil
Airteagal 13 Toirmisc a chur chun feidhme i gcoinne droch-úsáide margaidh
Airteagal 13a Cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Ghníomhaireacht
Airteagal 13b Iarraidh ar fhaisnéis
Airteagal 13c An chumhacht chun ráitis a ghlacadh
Airteagal 13d Coimircí nós imeachta
Airteagal 13e Cúnamh frithpháirteach

Airteagal 13e

Cúnamh frithpháirteach

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagail 13 go 13c, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus an Ghníomhaireacht cúnamh dá chéile le linn imscrúdú.

Airteagal 13f An t-oifigeach imscrúdúcháin
Airteagal 13g Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
Airteagal 13h Coimircí nós imeachta i ndáil le cinntí maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
Airteagal 13i Cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
Airteagal 13j Athbhreithniú arna dhéanamh ag an gCúirt Bhreithiúnais

Airteagal 13j

Athbhreithniú arna dhéanamh ag an gCúirt Bhreithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón nGníomhaireacht lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 14 Ceart achomhairc

Airteagal 14

Ceart achomhairc

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí oiriúnacha ar marthain, ar an leibhéal náisiúnta, ar sásraí iad faoina mbeidh ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid an údaráis rialála difear dó chun achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon rialtas.

Airteagal 15 Oibleagáidí ar dhaoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil
Airteagal 16 Comhar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta
Airteagal 16a Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean
Airteagal 16b Treoirlínte agus moltaí
Airteagal 17 Rúndacht ghairmiúil
Airteagal 18 Pionóis
Airteagal 19 Caidreamh idirnáisiúnta

Airteagal 19

Caidreamh idirnáisiúnta

A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d’inniúlachtaí faoi seach na mBallstát agus institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, féadfaidh an Ghníomhaireacht teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na córais riaracháin de chuid tríú tíortha, go háirithe iad sin a bhfuil tionchar acu ar mhargadh mórdhíola fuinnimh an Aontais, chun comhchuibhiú an chreata rialála a chur chun cinn. Leis na socruithe sin, ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfear ar na Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na húdaráis mhaoirseachta sin, leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin agus leis na córais riaracháin de chuid tríú tíortha. Féadfaidh baint a bheith ag na socruithe sin le gnéithe leasa choitinn, amhail modheolaíochtaí chun sonraí a bhailiú, anailís agus measúnú a dhéanamh ar shonraí nó ar fhaisnéis eile, agus réimsí eile saineolais.

Airteagal 20 An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 21 An nós imeachta coiste
Airteagal 21a Tuairisciú agus athbhreithniú
Airteagal 22 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag mír 1, ag an gcéad fhomhír de mhír 3, ag mír 4 agus ag mír 5 d’Airteagal 8 le héifeacht ó shé mhí tar éis an dáta a nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 6 den Airteagal sin.

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN


RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Measann an Coimisiún nach bhféadfar na tairseacha do thuairisciú na n-idirbheart mar a shainmhínítear iad in Airteagal 8(2)(a) agus na tairseacha do thuairisciú faisnéise mar a shainmhínítear iad in Airteagal 8(6)(a) a shocrú ach amháin le gníomhartha cur chun feidhme.

I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach síos lena socrófar na tairseacha sin.


RÁITEAS ÓN gCOMHAIRLE


RÁITEAS ÓN gCOMHAIRLE

Thug reachtóir an AE cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE maidir le bearta dá bhforáiltear in Airteagal 8. Tá an méid sin ceangailteach ó thaobh an dlí de i gcás an Choimisiúin in ainneoin an dearbhú a rinne sé i ndáil le hAirteagal 8(2)(a) agus 8(6)(a).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas