+Airteagal 8 Fógra a thabhairt faoi oibríochtaí trasteorann agus an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6

Airteagal 8 Fógra a thabhairt faoi oibríochtaí trasteorann agus an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1

1.   Eintitis faoi oibleagáid ar mian leo gníomhaíochtaí a dhéanamh laistigh de chríoch Ballstáit eile den chéad uair, tabharfaidh siad fógra do mhaoirseoirí a mBallstát baile faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe acu a dhéanamh sa Bhallstát eile sin. Cuirfear an fógra sin isteach a luaithe a dhéanfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid bearta chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, agus, i gcás bunaíochtaí, tráth nach déanaí ná 3 mhí sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí sin. Tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid fógra láithreach do mhaoirseoirí a mBallstát baile nuair a chuirfear tús leis na gníomhaíochtaí sin sa Bhallstát eile sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir nósanna imeachta sonracha um fhógra a thabhairt d’fheidhmiú na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais ná ní bheidh feidhm aige maidir le cásanna ina bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid faoi réir ceanglais shonracha údarúcháin chun oibriú i gcríoch an Bhallstáit eile sin.

Airteagal 8 2

2.   Aon athrú atá beartaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear in iúl faoi mhír 1, cuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid é sin in iúl do mhaoirseoir an Bhallstáit baile 1 mhí amháin ar a laghad sula ndéanfar an t-athrú.

Airteagal 8 3

3.   I gcás ina gceadaítear leis an Rialachán seo do na Ballstáit rialacha breise is infheidhme maidir leis na heintitis faoi oibleagáid a ghlacadh, comhlíonfaidh na heintitis faoi oibleagáid rialacha náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

Airteagal 8 4

4.   I gcás ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid bunaíochtaí i roinnt Ballstát, áiritheoidh siad go gcuirfidh gach bunaíocht rialacha na mBallstát ina bhfuil sí lonnaithe i bhfeidhm.

Airteagal 8 5

5.   I gcás ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 38(1) de Threoir (AE) 2024/1640 i mBallstáit eile seachas an ceann ina bhfuil siad bunaithe trí ghníomhairí, dáileoirí, nó trí chineálacha eile bonneagair atá lonnaithe sna Ballstáit eile sin faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, cuirfidh siad rialacha na mBallstát ina soláthraíonn siad seirbhísí i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin i bhfeidhm, ach amháin má tá feidhm ag Airteagal 38(2) den Treoir sin, agus sa chás sin cuirfidh siad rialacha an Bhallstáit ina bhfuil a gceannoifig lonnaithe i bhfeidhm.

Airteagal 8 6

6.   I gcás ina gceanglaítear ar na heintitis faoi oibleagáid pointe teagmhála lárnach a cheapadh de bhun Airteagal 41 de Threoir (AE) 2024/1640, áiritheoidh siad go mbeidh an pointe teagmhála lárnach in ann comhlíonadh an dlí is infheidhme a áirithiú thar ceann an eintitis faoi oibleagáid.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas