+Airteagal 4 Athbhreithniú ar stádas geatóirí
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
|
Airteagal 4 Athbhreithniú ar stádas geatóirí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, cinneadh faoi ainmniú a glacadh de bhun Airteagal 3 a athmheas, a leasú nó a aisghairm tráth ar bith ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:
(a)
tháinig athrú substaintiúil ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an t-ainmniú orthu;
(b)
bunaíodh an cinneadh ainmniúcháin ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, ar cé acu atá nó nach bhfuil na geatóirí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1) go fóill. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin an gá an liosta de chroísheirbhísí ardáin an gheatóra a fheidhmíonn ceann ar cheann mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), aleasú. Ní bheidh aon éifeacht fhionraitheach ag na hathbhreithnithe sin ar oibleagáidí an gheatóra. Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn gnóthais nua a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na ceanglais sin. I gcás go gcinnfidh an Coimisiún, de bharr na n-athbhreithnithe de bhun na chéad fhomhíre, go bhfuil athrú tagtha ar na fíorais a raibh ainmniú na ngnóthas a bhí i mbun croísheirbhísí ardáin a sholáthar mar gheatóirí bunaithe orthu, glacfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar, lena leasófar, nó lena n-aisghairfear an cinneadh ainmniúcháin.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Foilseoidh an Coimisiún liosta geatóirí agus liosta na gcroísheirbhísí ardáin nach mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III a chomhlíonadh ina leith agus tabharfaidh sé na liostaí sin cothrom le dáta ar bhonn leanúnach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|