+Airteagal 4 2.

Airteagal 4 2.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, ar cé acu atá nó nach bhfuil na geatóirí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1) go fóill. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin an gá an liosta de chroísheirbhísí ardáin an gheatóra a fheidhmíonn ceann ar cheann mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), aleasú. Ní bheidh aon éifeacht fhionraitheach ag na hathbhreithnithe sin ar oibleagáidí an gheatóra.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn gnóthais nua a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na ceanglais sin.

I gcás go gcinnfidh an Coimisiún, de bharr na n-athbhreithnithe de bhun na chéad fhomhíre, go bhfuil athrú tagtha ar na fíorais a raibh ainmniú na ngnóthas a bhí i mbun croísheirbhísí ardáin a sholáthar mar gheatóirí bunaithe orthu, glacfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar, lena leasófar, nó lena n-aisghairfear an cinneadh ainmniúcháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas