+Airteagal 14 An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
|
Airteagal 14 An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Cuirfidh an geatóir an Coimisiún ar an eolas faoi chomhchruinniú ar bith atá beartaithe de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás ina soláthraíonn na heintitis atá ag cumasc nó sprioc an chomhchruinnithe croísheirbhísí ardáin nó aon seirbhísí eile san earnáil dhigiteach nó ina gcumasaíonn siad sonraí a bhailiú, gan beann ar é a bheith infhógartha don Choimisiún faoin Rialachán sin nó d’údarás iomaíochta náisiúnta inniúil faoi rialacha náisiúnta cumaisc. Tabharfaidh geatóir eolas don Choimisiún maidir le comhchruinniú den sórt sin sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.
|
|
Airteagal 14 2.
|
San fhaisnéis a thabharfaidh an geatóir de bhun mhír 1, beidh ar a laghad tuairisc ar na gnóthais a mbaineann an comhchruinniú leo, a láimhdeachais bhliantúla Aontais agus dhomhanda, a réimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis an gcomhchruinniú, luach idirbhirt an chomhaontaithe nó meastachán orthu, achoimre ar an gcomhchruinniú, lena n-áirítear cineál agus réasúnaíocht an chomhchruinnithe, agus liosta de na Ballstáit a mbaineann an comhchruinniú leo. Tabharfar tuairisc freisin san fhaisnéis arna cur ar fáil ag an ngeatóir, i gcás aon chroísheirbhísí ardáin ábhartha, ar a láimhdeachais bhliantúla Aontais, ar líon a n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla agus ar líon a n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla, faoi seach.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Más rud é, i ndiaidh aon chomhchruinniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go sroicheann croísheirbhísí ardáin sa bhreis na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), ar bhonn aonair, cuirfidh an geatóir lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí ó chur chun feidhme an chomhchruinnithe agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Cuirfidh an Coimisiún údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus foilseoidh sé go bliantúil liosta de na fálacha ar chuir na geatóirí ar an eolas iad fúthu de bhun na míre sin. Cuirfidh an Coimisiún leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó a chosaint san áireamh.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo a úsáid chun a iarraidh ar an gCoimisiún an comhchruinniú a scrúdú de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|