+Airteagal 19 Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.

Airteagal 19 Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun cleachtas a bhrath, ar cleachtais iad a theorannaíonn inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach agus nach dtugtar aghaidh go héifeachtach orthu leis an Rialachán seo. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha ar imeachtaí faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE maidir le margaí digiteacha mar aon le haon fhorbairtí ábhartha eile.
Airteagal 19 2.
Féadfaidh an Coimisiún, agus imscrúdú margaidh á dhéanamh aige de bhun mhír 1, dul i gcomhairle le tríú páirtithe, lena n-áirítear úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh seirbhísí laistigh den earnáil dhigiteach atá faoi imscrúdú agus úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh atá faoi réir cleachtais atá faoi imscrúdú.
Airteagal 19 3.
Foilseoidh an Coimisiún a thorthaí i dtuarascáil laistigh de 18 mí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an méid seo a leanas ag gabháil léi:

(a) 

togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú chun seirbhísí breise laistigh den earnáil dhigiteach a chur san áireamh sa liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun oibleagáidí nua a chur san áireamh i gCaibidil III; nó

(b) 

dréachtghníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, nó dréachtghníomh tarmligthe lena leasaítear nó lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7, mar a fhoráiltear in Airteagal 12.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú faoi phointe (a) den dara fomhír a mholadh seirbhísí atá ann cheana a bhaint de liosta na gcroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó na hoibleagáidí atá ann cheana a bhaint d’Airteagal 5, 6 nó 7.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas