+Airteagal 40 An grúpa ardleibhéil
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
---+Airteagal 40 5.
---+Airteagal 40 6.
---+Airteagal 40 7.
|
Airteagal 40 An grúpa ardleibhéil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1.
|
Bunóidh an Coimisiún grúpa ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (“an grúpa ardleibhéil”).
|
|
Airteagal 40 2.
|
Beidh an grúpa ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha seo a leanas:
(a)
Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach,
(b)
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí,
(c)
an Gréasán Eorpach Iomaíochta,
(d)
an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus
(e)
Grúpa Eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc.
|
|
Airteagal 40 3.
|
Beidh an líon comhionann ionadaithe sa ghrúpa ardleibhéil ag gach comhlacht agus gréasán Eorpach dá dtagraítear i mír 2. Ní mó ná 30 a bheidh líon uasta comhaltaí an ghrúpa ardleibhéil.
|
|
Airteagal 40 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta a sholáthar don ghrúpa ardleibhéil chun a chuid oibre a éascú. Is é an Coimisiún, a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an ghrúpa ardleibhéil, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa sin. Tiocfaidh an grúpa ardleibhéil le chéile arna iarraidh sin ag an gCoimisiún ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana féilire. Tionólfaidh an Coimisiún freisin cruinniú an ghrúpa nuair a iarrfaidh tromlach na gcomhaltaí dá bhfuil an grúpa comhdhéanta sin air chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach.
|
|
Airteagal 40 5.
|
Féadfaidh an grúpa ardleibhéil a sholáthar don Choimisiún comhairle agus saineolas sna réimsí a thagann laistigh d’inniúlachtaí a chomhaltaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
comhairle agus moltaí laistigh dá réimsí saineolais atá ábhartha i dtaca le haon ábhar ginearálta cur chun feidhme nó forfheidhmithe an Rialacháin seo; nó
(b)
comhairle agus saineolas a chuireann cur chuige rialála comhsheasmhach chun cinn thar ionstraimí rialála éagsúla.
|
|
Airteagal 40 6.
|
Na hidirghníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil- ar leith a chuireann na húdaráis náisiúnta dá bhfuil na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 comhdhéanta i bhfeidhm, féadfaidh an grúpa ardleibhéil iad sin, go háirithe, a shainaithint agus a mheasúnú agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcuirfí an measúnú sin i láthair agus lena sainaithneofaí saincheisteanna tras-rialála a d’fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh moltaí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin lena ndíreofaí ar dhul i dtreo cuir chuige agus sineirgí comhsheasmhacha trasdisciplíneacha idir cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rialacháin earnála eile. Cuirfear an tuarascáil in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
|
Airteagal 40 7.
|
I gcomhthéacs imscrúduithe margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua, féadfaidh an grúpa ardleibhéil saineolas a sholáthar don Choimisiún maidir leis an ngá atá le cur le rialacha sa Rialachán seo, iad a leasú nó iad a bhaint, chun a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|