+Airteagal 41 Iarraidh ar imscrúdú margaidh
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
---+Airteagal 41 5.

Airteagal 41 Iarraidh ar imscrúdú margaidh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 41 1.
Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun Airteagal 17 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur cheart gnóthas a ainmniú mar gheatóir.
Airteagal 41 2.
Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a oscailt de bhun Airteagal 18 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir caomhnaithe, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na riachtanais faoi Airteagal 3(1).
Airteagal 41 3.

Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh de bhun Airteagal 19 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur fíor ceann acu seo a leanas:

(a) 

ba cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó

(b) 

ní thugtar aghaidh go héifeachtach leis an Rialachán seo ar chleachtas amháin nó níos mó agus d’fhéadfadh an cleachtas nó na cleachtais sin inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin a theorannú nó a bheith éagórach.

Airteagal 41 4.
Cuirfidh na Ballstáit fianaise isteach mar thaca leis na hiarrataí uathu de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3. I gcás iarrataí de bhun mhír 3, féadfar a áireamh san fhianaise sin faisnéis faoi thairiscintí a tugadh isteach le deireanas maidir le táirgí, seirbhísí, bogearraí nó gnéithe ar cúis imní iad maidir le hinchoimhlinteacht nó cothroime, cibé an i gcomhthéacs croísheirbhísí ardáin atá ann cheana nó i gcomhthéacs eile a cuireadh chun feidhme iad.
Airteagal 41 5.
Laistigh de 4 mhí ó iarratas de bhun an Airteagail seo a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil forais réasúnta ann nó nach bhfuil chun imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun mhír 1, 2 nó 3. Foilseoidh an Coimisiún torthaí a mheasúnaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas