|
+IARSCRÍBHINN |
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN A. “Ginearálta” 1. Is é is aidhm don Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht a shonrú chun “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a liostaítear in Airteagal 2 pointe (2). Feidhmíonn sé mar thagairt a chuireann ar chumas gnóthais a mheasúnú an gcomhlíonann a chroísheirbhisí ardáin na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) pointe (b) agus glacadh leis, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad an ceanglas in Airteagal 3(1) pointe (b). Beidh an tagairt sin chomh hábhartha céanna, dá bhrí sin, in aon mheasúnú níos leithne faoi Airteagal 3(8). Is faoin ngnóthas atá sé teacht ar an neastachán is fearr is féidir i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna agus leis an modheolaíocht shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Ní choisceann aon ní san Iarscríbhinn seo ar an gCoimisiún, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Rialacháin seo, ceangal a chur ar an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige aon fhaisnéis is gá a sholáthar chun na “húsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “na húsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh. Níor cheart aon ní san Iarscríbhinn seo a bheith ina bhunús dlí chun úsáideoirí a rianú. Beidh an mhodheolaíocht atá san Iarscríbhinn seo gan dochar freisin d’aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, in Airteagal 3(3) agus (8) agus Airteagal 13(3) go háirithe. Go háirithe, ceanglaítear le comhlíonadh Airteagal 13(3) freisin go gcaithfear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh bunaithe ar thomhas beacht nó ar an neastachán is fearr atá ar fáil – i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí aitheantais agus ríofa iarbhír atá ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ag an bpointe ama ábhartha. Beidh na tomhais sin nó an neastachán is fearr dá bhfuil ar fáil ag teacht leis na tomhais a thuairiscítear faoi Airteagal 15, a bheidh san áireamh iontu. 2. Leagtar amach in Airteagal 2 pointí (20) agus (21) na sainmhínithe ar “úsáideoir deiridh” agus “úsáideoir gnó”, ar sainmhínithe iad is coiteann do gach croísheirbhís ardáin. 3. Chun líon na “n-úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus líon na “n-úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh, tagraítear san Iarscríbhinn seo don choincheap “úsáideoirí uathúla”. Leis an gcoincheap “úsáideoirí uathúla”, cuimsítear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha”, nach gcomhairtear ach uair amháin, don chroísheirbhís ardáin ábhartha, le linn tréimhse shonraithe ama (i.e. mí i gcás “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus bliain i gcás “úsáideoirí gnó gníomhacha”), is cuma cé mhéad uair a bhí siad ag plé leis an gcroísheirbhís ardáin ábhartha i gcaitheamh na tréimhse sin. Beidh an méid sin gan dochar don fhíoras gur féidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna a bheith ina “úsáideoir deiridh gníomhach” nó ina “úsáideoir gnó gníomhach” ag an am céanna i gcás croísheirbhísí ardáin éagsúla. B. “Úsáideoirí deiridh gníomhacha” 1. Déanfar an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí deiridh gníomhacha” a shainaithint de réir an mhéadraigh is beaichte arna thuairisciú ag an ngnóthas a bhfuil ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin á sholáthar aige, go sonrach:
a.
Meastar go mbainfeadh an riosca dúblála is lú, prima facie, le sonraí a bhailítear faoi úsáid croíseirbhísí ardáin ó thimpeallachtaí ina sínítear isteach nó ina logáiltear isteach, i ndáil le hiompar úsáideoirí ar fheistí nó ardáin éagsúla, mar shampla. Dá bhrí sin, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh maidir le líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla do gach croísheirbhís ardáin faoi seach bunaithe ar thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, más ann do na sonraí sin.
b.
I gcás croísheirbhísí ardáin a mbíonn rochtain ag úsáideoirí deiridh orthu freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh freisin maidir le líon úsáideoirí deiridh uathúla na croísheirbhíse ardáin faoi seach bunaithe ar mhéadrach malartach a ghabhann úsáideoirí deiridh freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta, ar choinníoll go bhfuil na seoltaí nó na haitheantóirí sin riachtanach go hoibiachtúil chun na croísheirbhísí ardáin a sholáthar. 2. Bunaítear an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla” ar mheánlíon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla sa chuid is mó den bhliain airgeadais. Is é is aidhm don choincheap “an chuid is mó den bhliain airgeadais” deis a thabhairt do ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige figiúirí asluiteacha i mbliain ar leith a fhágáil as an áireamh. Ciallaíonn figiúirí asluiteacha go bunúsach figiúirí a luíonn go mór lasmuigh de na gnáthfhigiúirí agus na figiúirí intuartha. Buaic nó laghdú ar rannpháirtíocht úsáideoirí a tharla le linn aon mhí amháin den bhliain airgeadais, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina shampla d’fhigiúirí asluiteacha den sórt sin. Ní figiúirí asluiteacha iad figiúirí a bhaineann le tarluithe athfhillteacha bliantúla, amhail tionscnaimh díolacháin bhliantúla C. “Úsáideoirí gnó gníomhacha” Is ar leibhéal an chuntais, i gcás inarb infheidhme, a chinntear an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí gnó gníomhacha” agus gach cuntas gnó ar leith comhlachaithe le húsáid croísheirbhíse ardáin arna soláthar ag an ngnóthas arb é atá ann úsáideoir gnó uathúil amháin de chuid na croísheirbhíse ardáin sin faoi seach. Mura bhfuil feidhm ag an gcoincheap “cuntas gnó” maidir le croísheirbhís ardáin ar leith, cinnfidh an gnóthas ábhartha a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige líon na n-úsáideoirí gnó uathúla trí thagairt a dhéanamh don ghnóthas ábhartha. D. “Faisnéis a chur isteach” 1. Maidir leis an ngnóthas a chuireann faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3(3) faoi líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha i gcás gach croísheirbhíse ardáin ar leith, beidh sé freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú. I ndáil leis sin:
a.
Beidh an gnóthas freagrach as sonraí a chur isteach le haghaidh croísheirbhís ardáin faoi seach, ionas nach ndéantar gannáireamh ná ró-áireamh ar líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha (mar shampla i gcás ina bhfuil rochtain ag úsáideoirí ar na croísheirbhísí ardáin ar ardáin nó ar fheistí éagsúla).
b.
Beidh an gnóthas freagrach as mínithe beachta agus gonta a thabhairt ar an modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar an bhfaisnéis agus as aon riosca a bhaineann le líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha a ghannáireamh nó a ró-áireamh i gcás croísheirbhís ardáin faoi seach agus maidir leis na réitigh a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.
c.
Cuirfidh an gnóthas sonraí ar fáil, ar sonraí iad atá bunaithe ar mhéadrach malartach, nuair a bheidh imní ar an gCoimisiún faoi chruinneas na sonraí arna soláthar ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige. 2. Chun an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a ríomh:
a.
An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, ní shainaithneoidh sé croísheirbhísí ardáin a bhaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) ar leithligh, go príomha ar an mbonn go soláthraítear iad agus ainmneacha fearainn éagsúla in úsáid – is cuma cé acu fearainn bharrleibhéil cód tíre (ccTLDanna) nó fearainn bharrleibhéil chineálacha (gTLDanna) – nó saintréithe geografacha éigin atá i gceist.
b.
An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na croísheirbhísí ardáin sin a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2).
c.
An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na seirbhísí sin a thairgeann an gnóthas ábhartha ar bhealach comhtháite, ach:
(i)
nach mbaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) nó
(ii)
,a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2, pointe (2). E. “Sainmhínithe sonracha” Leagtar amach sa tábla thíos sainmhínithe sonracha ar “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus ar “úsáideoirí gnó gníomhacha” le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|