+Airteagal 21 Cinntí comhpháirteacha maidir le leibhéal cur i bhfeidhm na gceanglas leachtachta
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
|
Airteagal 21 Cinntí comhpháirteacha maidir le leibhéal cur i bhfeidhm na gceanglas leachtachta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Ar iarratas ó mháthairinstitiúid AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó ó fhochuideachta fo-chomhdhlúthaithe de chuid máthairinstitiúide AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí mháthairinstitiúid AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach maidir lena bhfuil coinníollacha phointí (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh agus lena sainaithneofar foghrúpa leachtachta amháin do chur chun feidhme Airteagal 8. Déanfar an cinneadh comhpháirteach laistigh de sé mhí ón dáta a sheolann an maoirseoir comhdhlúthaithe isteach tuarascáil a shainaithníonn foghrúpaí leachtachta aonair ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 8. I gcás easaontú i rith na tréimhse sé mhí, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile atá i gceist. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle leis an ÚBE as a stuaim féin. Féadfaidh an cinneadh comhpháirteach srianta a chur freisin ar láthair agus ar úinéireacht sócmhainní leachtacha agus a cheangal go mbeidh íoslíon sócmhainní leachtacha ina seilbh ag institiúidí atá díolmhaithe ó chur chun feidhme Chuid a Sé. Leagfar an cinneadh comhpháirteach amach i ndoiciméad ina léireofar an cinneadh lán-réasúnaithe a thíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe do mháthairinstitiúid an fhoghrúpa leachtachta.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin. Mar sin féin, féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE i rith na tréimhse sé mhí maidir le cé acu atá coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus Sa chás sin, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar go dtí go dtabharfar i gcrích an idirghabháil neamhcheangailteach. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin, agus comhréireacht na sochar agus na
►C9
riosca ◄ ar leibhéal Bhallstáit na máthairinstitiúide á cur san áireamh mar aon le comhréireacht na sochar agus na
►C9
riosca ◄ ar leibhéal Bhallstát na fochuideachta. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta. Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus na cinntí dá dtagraítear a dara fomhír den mhír seo ceangailteach.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE freisin i rith na tréimhse sé mhí i gcás easaontais maidir le coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(3). Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar ar feitheamh chur i gcrích na hidirghabhála neamhcheangailtí. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|