+Airteagal 47b Bearta staonta
---+Airteagal 47b 1.
---+Airteagal 47b 2.
---+Airteagal 47b 3.
---+Airteagal 47b 4.
|
Airteagal 47b Bearta staonta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47b 1.
|
Is é atá i gceist le beart staonta aon lamháltas a dhéanfaidh institiúid i leith oibleagáideoir a bhfuil deacrachtaí aige a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige. Féadfar caillteanas don iasachtóir a bheith i gceist le lamháltas agus bainfidh sé le ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
athrú ar théarmaí agus ar choinníollacha oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athrú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh;
(b)
athmhaoiniú iomlán nó páirteach oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athmhaoiniú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh.
|
|
Airteagal 47b 2.
|
Measfar gur bearta staonta iad na staideanna seo a leanas ar a laghad:
(a)
téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha roimhe sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;
(b)
téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha arna dtairiscint ag an institiúid chéanna d'oibleagáideoirí a raibh próifíl priacal den chineál céanna acu ag an am sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;
(c)
bhí an risíocht faoi na téarmaí conartha tosaigh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sula ndearnadh an t-athrú ar na téarmaí conartha nó bheadh an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach dá mba rud é nach ndearnadh aon athrú ar na téarmaí conartha;
(d)
is é an toradh atá ar an mbeart gur cuireadh an oibleagáid fiachais iomlán nó cuid di ar ceal;
(e)
formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus bhí an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sular feidhmíodh na clásail sin, nó d'aicmeofaí an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach mura bhfeidhmeofaí na clásail sin;
(f)
tráth a deonaíodh an fiachas, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach nó a bheadh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach mura ndéanfaí na híocaíochtaí sin;
(g)
is é atá i gceist leis an athrú ar théarmaí an chonartha aisíocaíochtaí a dhéanamh trí sheilbh a ghlacadh ar chomhthaobhacht, i gcás inarb ionann athrú den sórt sin agus lamháltas.
|
|
Airteagal 47b 3.
|
Tá na himthosca seo a leanas ina dtáscairí á léiriú go bhféadfadh gur glacadh bearta staonta:
(a)
bhí an conradh tosaigh thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sula ndearnadh athrú air nó bheadh sé thar téarma níos faide ná 30 lá mura ndéanfaí aon athrú air;
(b)
tráth a tugadh an comhaontú creidmheasa i gcrích, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sular deonaíodh an fiachas nua;
(c)
formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus tá an risíocht thar téarma 30 lá nó bheadh an risíocht thar téarma 30 lá mura bhfeidhmeofaí na clásail sin.
|
|
Airteagal 47b 4.
|
Chun críocha an Airteagail seo, déanfar deacrachtaí atá ag oibleagáideoir i ndáil lena ghealltanais airgeadais a shásamh a mheas ar leibhéal an oibleagáideora, agus aird á tabhairt ar na heintitis dhlíthiúla uile atá i ngrúpa an oibleagáideora agus atá i gcomhdhlúthú cuntasaíochta an ghrúpa, agus na daoine nádúrtha a rialaíonn an grúpa sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|